Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oifig na mBóithre Náisiúnta

Oifig na mBóithre Náisiúnta ag cur seirbhísí ar fáil d’úsáideoirí bóthair

Aine Mc Hugh

Áine McHugh, Innealltóir Feidhmiúcháin in Oifig na mBóithre Náisiúnta Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá úsáideoirí bóithre ar fud Dhún na nGall ag breathnú ar thoradh na mblianta oibre in oibreacha bóithre faoi shiúl.

 

“Léiríonn na hoibreacha siúd tosaíochtaí an NRO freisin,” arsa Áine McHugh, Innealltóir Feidhiúcháin le hOifig Bhóithre Náisiúnta Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

“I ndáiríre, is faoi na cónaisc atá sé, idir áiteanna a n-oibríonn daoine, áiteanna a gcónaíonn agus a mbuaileann siad le chéile, agus ag tabhairt Dún na nGall rud beag níos cóngaraí don chuid eile den tír,” ar sise.  “Is é sprioc ár n-oifige ná go mbeidh daoine in ann dhul go háiteanna i mbealach atá chomh sábháilte agus chomh hiontaofa agus is féidir linn a dhéanamh, agus go mbíonn muid ag oscailt an iarthuaiscirt le haghaidh infheistíochta, fostaíochta, turasóireachta agus gach aon rud atá le tairscint ag an iarthuaisceart.”

 

Bíodh is gurb í an obair tógála an chéim is poiblí d’aon tionscnamh, ní thosaíonn sé sin go dtí go mbíonn próiseas a bhíonn fada agus cásta go minic, curtha i gcrích, próiseas a bhaineann le féidearthacht tosaigh, roghnúchán cúrsa, pleanáil Ordú Ceannaigh Éigeantaigh, (CPO), ceannach talún, plean mionsonraithe agus próiseas tairsceana – obair a mhaireann blianta i gcásanna áirithe.  Bailítear faisnéis le linn forbairt scéime ó phróiseas comhairliúcháin agus ionchur ón phobal. Déantar staidéar ar chúrsaí timpeallachta agus tráchta, ar phróifílithe talún reatha.  Déantar fiosrúcháin seandálaíochta agus fiosrúcháin ar an ithir chomh maith.  Bíonn gach tionscadal ag brath ar rátaí náisiúnta agus measúnuithe.  Mar sin de, tasc mór atá ann údar a thabhairt le maoiniú gach scéime.

 

“Agus ansin bíonn na bóithre tógtha agus an trácht orthu, agus shílfeadh duine go raibh sé i gcónaí ann,” arsa Áine. “Sin an chuid is fearr de, nuair a bhíonn an tionscadal tógtha agus ní pleananna atá ann níos mó ach bóithre, agus aithníonn tú na buntáistí a bhaineann leis don phobal.”

 

Bluebanks

Pictiúr den obair ag na ‘Blue Banks’ ar an N56, An Cúl Buí go Cill Mhic Réanáin. 

 

Tá foirne ar láithreáin ag roinnt tionscadail mhóra sa chontae: athailíniú ar stráice an bhóthair ón N56, a dtugann muintir na háite na ‘Blue Banks’ air, ón Chúl Buí go Cill Mhic Réanáin; den N56 ó Thamhnach an tSalainn go Droim Beitheach; den N56 taobh thuaidh de Na Gleannta go Bá Uachtair, páirt den uasghrádú ón Chlochán Liath go ‘Kilraine’; agus an chéad chéim eile de na hoibreacha ar Dhroichead ‘Blackburn’ ar an an N15, ó Chabraigh go Bealach Féich.

 

“Is é ceann de na páirteanna is deacra den chineál sin tógáil bóithre ná go mbíonn tú ag tógáil bóthar measartha mór, ardchaighdeánach agus fós 7,000  feithicil á choinneáil ag dul, ar an bhóthar gach aon lá,” arsa Áine.  “Is ceann de na dúshláin

atá ann ná le bheith cinnte go mbeidh gach duine ábalta a n-áit oibre a bhaint amach nó le dhul ar scoil nó chuig cibé áit ar mian leo a dhul ann, ach fós, ag an am céanna, ag tógáil an bhóthair go sábháilte agus go héifeachtúil.”

 

Tugann foirne de chuid Údarás Réigiúnach Dhún na nGall (NRO) seirbhís le búiséad €34 milliún ina iomláine don bhliain 2018. Le cois oibreacha bóithre bíonn an NRO freagrach as 39,000 comharthaí bóthair, breis agus 4,500 ciliméar de phéinteáil línte bóithre, 730 struchtúr ar a laghad, agus clár leathan sábháilteachta ar bhóithre a bhaineann le seacht gcontae, ina measc, Dún na nGall, Liatroim, Sligeach, Gaillimh, Muineachán agus An Cabhán.

 

Tá €12 milliún curtha ar fáil fá choinne clár athnuachana agus deisiúcháin ar  dhromchla pábhála thar fad 32 chiliméadar ar an ghréasán náisiúnta ar fud Dhún na nGall, agus tá scéimeanna forbartha fud fad an réigiúin, an droichead coise nua ag Abhainn na Finne i mBealach Féich san áireamh.

 

Oibríonn an NRO go dlúth le Bonneagar Iompair Éireann, an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta a bhí air sular athraíodh an t-ainm.

 

“Oibríonn muid ag ardchaighdeáin an-cháilithe atá leagtha amach ag TII, agus ní mór duit na caighdeáin seo a bhaint amach agus tú ag aithint riachtanais áitiúla, é a chomhcheangail leis an timpeallacht atá ann cheana féin chun an éifeacht is lú, ar féidir a bheith ann, ar an phobal agus ar réadmhaoin,” arsa Áine.  “Ní tasc éasca é.”

 

Gwebarra Bridge

Radharc ón spéir ar Dhroichead Ghaoth Beara a thaispeánann athailíniú na Comhairle ar na cora contúirteacha ar an N56. Grianghraf le Clive Wasson.

 

Tá na buntáistí follasach.  Rinne sí tagairt don obair ar an N56, cóngarach do Na Gleannta, a fuair réitithe cheana féin de “Chora Ghaoth Beara” agus de “Chora Mhín an Chairn,” mar shampla.

 

“ Sin sampla maith mar is cuid den chontae í a bhfuil radharcra álainn ann agus is díol spéise turasóirí ar leith é, ach bhí sé deacair ag busanna an bóthar sin a láimhseáil de bharr na gcor teann,” arsa Áine. Tá sé níos fusa do bhusanna turasóireachta an ceantar seo a bhaint amach anois agus tá an chuid sin den chontae oscailte suas níos mó don turasóireacht.”

 

Is gnéithe nua iad na rotharbhealaí agus na cosáin do thionscadal na mbóithre náisiúnta.  Cuirfear rotharbhealaí leis an N56 ón Chlochán Liath go dtí Na Gleannta agus leis an bhóthar nua ag na Blue Banks, rud a chuirfidh le sábháilteacht ar na bóithre.

 

Tá Áine ag obair leis an NRO ó 2004 agus tugadh isteach i Rannóg Bóithre na Comhairle í ní ba luaithe, nuair a bhí sí i mbun staidéir ar innealltóireacht shiabhialta ag Ollscoil na Banríona i mBéál Feirste – duine de chúigear ban as 75 dhuine sa rang – agus d’oibrigh sí don Chomhairle ar feadh roinnt samhraidh le linn a cuid staidéar.

 

Bíonn roinnt tionscadal ar siúl i gcónaí, ag céimeanna éagsúla forbartha, ag innealltóirí de chuid an NRO chomh maith le hobair bhuan chothabhála agus forbairtí.  Le linn an chúlú eacnamaíochta, ghlac an Chomhairle le straitéis a bheith ag obair ar thionscadail bheaga bóithre agus ag déanamh pleanáil dheartha riachtanach d’obair atá “réidh chun sluasaide”.

 

“Ansin nuair a tháinig fáil ar an airgead, ní dhearna muidne aon mhoilleadóireacht ag cur isteach fána choinne,” arsa Áine.  

 

“Tá an NRO ag cur oibreacha móra eile chun cinn tríd an phasach deartha “Tá muid ag obair i dtreo roinnt mórthionscadail fíórthábhachtacha agus is iontach é le feiceáil an dul chun cinn ar scéim ghréasáin an Tras-Eorpach Iompartha a bhaineann leis: an N14 Mainéar Uí Chuinneagáin go Leifear, an N15/N13 Bealach

 

Féich-ceantar Srath an Urláir, agus an N56/N13/N14 Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin.

 

“Tá géarghá leis na scéimeanna forbartha bóithre sa chontae,” ar sise.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO