Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oíche Chultúir 2014

Oíche Chultúir Náisiúnta 2014 á reáchtáil i Leitir Ceanainn agus sa Ghaeltacht

Beidh Oíche Chultúir Náisiúnta ar siúl ar rud na tíre Dé hAoine 19 Meán Fómhair seo chugainn agus beidh dhá chlár ar siúl i nDún na nGall - ceann acu i Leitir Ceanainn agus á chomhordú ag Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus ceann eile sa Ghaeltacht agus sin á chomhordú ag Ealaín na Gaeltachta.  

 

Is é seo an 6ú huaire ag Leitir Ceanainn a bheith páirteach san Oíche Chultúir. Dálta bailte móra agus cathracha eile ar fud na tíre, bainfidh an pobal áitiúil agus cuairteoirí ar Leitir Ceanainn oíche imeachtaí don teaghlach, SAOR IN AISCE, in 22 ionad cultúrtha agus spásanna poiblí ar fud an bhaile.    Beidh an clár imeachtaí ar siúl, i measc áiteanna eile, in Iarsmalann Chontae Dhún na nGall, An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Páirc Baile Leitir Ceanainn, Comhpháirtíocht Oideachais Cheoil BOO Dhún na nGall, Amharclann an Ghrianáin, Na hOibreacha Ealaíne, An Lárleabharlann, Ardeaglais Naomh Adhamhnán, Stúideó Ealaíne Create-A-Link, Dánlann ArtCo, Seirbhís Óige Dhún na nGall @ an LOFT agus an Grúpa Save the Church Lane.  

 

Is iad na himeachtaí is mó a mbeidh tóir orthu ná an triall dealbhóireachta 'Loinnir' ag Páirc Baile Leitir Ceanainn, Taispeántas dúisitheach Chéad Chogadh Domhanda Iarsmalann Chontae Dhún na nGall, Patrick Scott san Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Paul Sweeney (iarbhall de Sheó-Bhanna Capitol) agus a chuid Snagcheoltóirí Sweeney ar cuairt chuig Amharclann an Ghrianáin, Oíche Speisialta Focal de chuid an Iarthuaiscirt in Café Blend le Colette Ní Ghallchóir agus Moyra Donaldson, ceithre cinn de na cóir is fearr sa chontae ag ceol leo - Cór Ardeaglais Naomh Adhamhnán, Cór Soiscéalach Cholm Cille, Cór Aireagail Gaudium agus Amhránaithe Chonbhála, léirithe damhsa agus ceardlanna ó Chomhlacht Damhsa ZoNa ag Stúideónna Pinehill, ensembles Chomhpháirtíocht Oideachais Cheoil Dhún na nGall i mbun léirithe agus ag cleachtadh, taispeántais, cainteanna agus siúlóidí ar Chabhsa na hEaglaise, clár iomlán ceardlann ealaíne do pháistí, taispeántais agus ceol ag Stúideónna Ealaíon Create A Link, agus go leor leor eile.  

 

I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl sa Ghaeltacht mar chuid d'Oíche Chultúir beidh mórthaispeántas súil siar ag ealaíontóirí An Chosáin Ghlais ina n-ionad in Eastáit Tionsclaíochta an Fháil Charraigh, turas bus mistéireach arna reáchtáil ag an ghrúpa d'ealaíontóirí agus de cheardaithe Gaeltachta, mar atá Cuisle, Oíche Airneáil le Clann Mhic Ruairí in Áislann Rann na Feirste, agus oíche leis an tsárghrúpa ceoil An Crann Óg i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.     

 

Tá clár iomlán na n-imeachtaí ar fáil anois ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Dhún na nGall www.ccdhunnangall.ie  agus ar shuíomh idirlín turasóireachta Dhún na nGall www.govisitdonegal.com . Tá sonraí i dtaca leis an chlár d'Oíche Chultúir na nGaeltachta ar fáil ar shuíomh idirlín Ealaín na Gaeltachta ag www.ealain.ie

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO