Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ócáid Ómóis do Josie Murray

Ócáid Ómóis do Josie Murray

Bhí ócáid speisialta ar siúl in Ionad Seirbhíse Poiblí an Chlocháin Léith inné nuair a tháinig baill teaghlaigh, cairde agus lucht leanúna Josie Murray, an curadh domhanda arb as An Chéideadh ó dhúchas dó in Ailt an Chorráin, le chéile in aitheantas ar gach rud atá bainte amach aige ina shaol.  

Ba é an Cathaoirleach, an Clr. Toirealach Ó Sluaigh, agus baill tofa Cheantar Bardais na nGleanntach a reáchtáil an ócáid, in ómós go mórmhór don mhéid atá bainte amach ag Josie sna hEalaíona  Troda i nDún na nGall, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.  

I measc na rudaí atá déanta agus/nó bainte amach ag Josie tá an méid seo a leanas:

  • Ionadaíocht ar son na hÉireann ag an leibhéal is airde sa Jiu-Jitsu (9 mbonn óir domhanda, 4 bhonn airgid, agus bonn cré-umha in Rio de Janeiro, An Bhrasaíl ó 2001-2016.
  • Ina úinéir ar Josie’s Country Tavern i Leitir Ceanainn, agus Comórtas Náisiúnta Jiveála Roc is Roll bainte aige faoi 8
  • Bunaitheoir de chuid Chumann Jiu-Jitsu Dhún na nGall agus Chumann Cosdornála  Cobra Kai Dhún na nGall. Corn na hÉireann bainte ag Jose faoi 5.
  • Reáchtálann club dá chuid féin i Leitir Ceanainn agus i nDoire, teagascann páistí a bhfuil uathachas agus míchumais eile orthu, agus tógann airgead do chuid mhór carthanas
  • Tagann go leor foghlaimeoirí agus múinteoirí chuige ó achan chearn den domhan le traenáil faoin stiúir gach bliain.
  • Tugann sé cainteanna ar fud na hÉireann, na hEorpa agus Mheiriceá, agus tá stíl Jiu-Jitsu dá chuid féin aige dar ainm Empty Force Jiu-Jitsu.
  • Thraenáil sé féin le cuid mhór curadh sa Jiu-Jitsu agus sa Chosdornáil, agus tá dhá bhonn óir domhanda ag a bhean chéile Theresa sa Jiu-Jitsu chomh maith.
  • Bhí sé ar an chlúdach seacht nIris Ealaíona Troda.
  • Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall buaite aige trí huaire.
  • Sár-mhúinteoir Jiu-Jitsu laistigh de na Náisiúin Aontaithe le 16 bliana.
  • An chéad fhear as Dún na nGall a tugadh isteach i Halla na Laochra don Chrios Dubh sna Stáit Aontaithe
  • Thraenáil sé le leithéidí Stevan Segal agus Chuck Norris.

 

Agus go leor eile.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO