Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ócáid DIVE 2016

Ócáid DIVE 2016

Joy Harron ó Fáilte Dhún na nGall leis an eachtránaí cáiliúil Monty Halls ag an taispeántas DIVE 2016 a tharla le gairid san NEC i Birmingham, áit ar cuireadh spéis mhór sa tumadóireacht raice agus i dturasóireacht an dúlra ar chósta Dhún na nGall.      

Bhí breis agus 16,000 díograiseoirí tuamadóireachta agus eachtraíochta i láthair san NEC, Birmingham i nDeireadh Fómhair lena saoire do 2017 a phleanáil. Bhí seastán ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Fáilte Dhún na nGall ag DIVE 2016 ar an 22ú agus 23ú Deireadh Fómhair ag déanamh ionadaíochta do Chontae Dhún na nGall agus an tionscnamh turasóireachta mara WILDSEA Europe, maoinithe ag an AE, i measc 250+ dream eile. Bhí rath iontach ar an ócáid agus spéis ollmhór ag cuairteoirí sa tumadóireacht raice agus sa turasóireacht dúlra ar fud ár gcósta, le cuid mhór cuairteoirí ar lorg eispéireas nua uathúla sa tumadóireacht, in áiteanna a chuireann níos mó ná an tumadóireacht ar fáil, agus a chuireann réimse eispéireas ar fáil don teaghlach uile. Ón taobh sin de, tá gach rud ag Dún na nGall gan amhras.

   Bhí Jim Muldowney ó Dive Arranmore Charters i láthair fosta le saineolas a chur ar fáil ar an tumadóireacht agus bhí sé ar láimh le hinsint do chuairteoirí faoin oidhreacht chósta iontach atá ag Dún na nGall, faoin tumadóireacht raice iontach atá againn agus áilleacht ghrinneall na farraige maidir le fiabheatha farraige agus éicea-chórais mara, agus faoi thurais mara. Tá Jim ina bhall den ghréasán WILDSEA Europe a chuireann an turasóireacht chósta inbhuanaithe agus an fheasacht farraige chun tosaigh. Is féidir le soláthróirí eispéiris tuilleadh eolais a fháil faoi dhul isteach sa ghréasán ar www.wildsea.eu  Ba iontach an t-ardán é DIVE 2016 leis an tumadóireacht i nDún na nGall, WILDSEA Europe agus imeachtaí eile turasóireachta mara a chur i láthair spriocphobail ón mhargadh idirnáisiúnta agus RA. Thug DIVE 2016 an deis do chuairteoirí naisc a chothú le daoine ó gach cearn den domhan; brabhsáil nó trealamh tumadóireachta, cúrsaí oiliúna nó saoire tumadóireachta nó mara a cheannach; agus spreagadh a fháil óna fheiceáil cad a bhí ar siúl ag tumadóirí eile. Bhí daoine ar lorg smaointe úra agus chuir siad spéis mhór i nDún na nGall mar eispéireas úrnua.    

Ócáid riachtanach ba ea DIVE 2016 le díriú ar lucht tumadóireachta agus is iontach an deis a bhí ann fosta ag ionadaithe bualadh le líon mór daoine óga, gníomhacha, saibhre a bhfuil dúil acu dul amach faoin aer, ar thaispeáin muid dóibh go bhfuil Slí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall agus conair WILDSEA Europe mar cheann scríbe den scoth le haghaidh dúlra mara agus cósta a bhreathnú. Bhí an deis ag Joy Harron ó Fáilte Dhún na nGall Teo. bualadh leis an eachtránaí cailiúil Monty Halls agus gach rud atá le tairiscint ag Dún na nGall maidir le heachtraí amuigh faoin aer a thaispeáint dó. Is craoltóir, cainteoir, nádúraí, iarshaighdiúr muirí, bitheolaí mara, scríbhneoir taistil agus saineolaí ceannaireachta é Monty Halls. Tá taithí breis agus fiche bliain aige i gceannas ar fhoirne i gcuid de na háiteanna is iargúlta sa domhan, ag cur clár faisnéise dúlra agus eachtraíochta i láthair agus ag obair le comhlachtaí gormshlise sa Ríocht Aontaithe agus thar lear. Bhí spéis mhór ag Monty sa tionscnamh WILDSEA Europe agus dúirt sé gur bhreá leis cuairt a thabhairt ar Dhún na nGall amach anseo le heolas a chur ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, ar bhreá leis a thaiscéaladh.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO