Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Méadú ar rátaí a bailíodh

Méadú ar rátaí a bailíodh - buíochas do ghnólachtaí

Tá ráite ag Comhairle Contae Dhún na nGall go raibh méadú in 2017 suas go dtí 74% ó 68% in 2016 maidir le méid na rátaí tráchtála a bailíodh.

 

Rinne an Stiúrthóir Airgeadais Garry Martin tagairt don mhéadú seo agus ghabh sé buíochas leis na gnólachtaí i nDún na nGall as a dtacaíocht leanúnach agus as a gcomhoibriú leanúnach maidir le rátaí tráchtála a bhailiú.

 

“Tá feabhas ag teacht ar an chóras bailithe ioncaim atá againn le roinnt blianta anuas in ainneoin an comhthéacs eacnamúil a bheith mífhábharach do ghnólachtaí beaga sa chontae” a dúirt Garry Martin.

 

“Cé go bhfuil méadú ar an ioncam atá ag teacht isteach in earnáil na turascóireachta, tá cuid mhór de Dhún na nGall ag críochantacht le Tuaisceart Éireann agus tá sé seo dúshlánach do ghnólachtaí, gan trácht ar luaineachtaí airgeadais agus ar an éiginnteacht maidir leis an Bhreatimeacht.”

 

Fuair 5,409 gnólacht i nDún na nGall billí le haghaidh rátaí tráchtála in 2017 agus b’ionann glanluach na rátaí éilíodh agus €30.4m, agus is é €24.6m an glanmhéid airgid a bailíodh.

 

In 2014, an chéad bhliain a raibh na sean-Chomhairlí Baile san áireamh sna figiúirí, ba é 56% an ráta bailithe a bhí ann agus bhí riaráiste de €17.6m ann an bhliain chéanna sin.   In 2017, tháinig méadú ar na rátaí bailithe go dtí 76%, agus bhí laghdú de chóir a bheith €3m ar na riaráistí go dtí €14.6m.

 

“Tá muid sásta leis an dul chun cinn a rinneadh le roinnt blianta anuas agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag an aonad bailithe ioncaim atá againn a d’oibrigh go dlúth agus go dearfach le gnólachtaí ar fud an chontae le linn tréimhse a bhí iontach dúshlánach do gach duine.”

 

“Ta na rátaí tráchtála iontach tábhachtach mar fhoinse ioncaim don Chomhairle agus ligeann siad dúinn maoiniú a chur ar fáil le haghaidh réimse leathan seirbhísí ar nós bóithre, seirbhísí dóiteáin, tacaíochtaí pobail agus tograí forbartha áitiúla, chomh maith lena chur ar ár gcumas maoiniú breise a fháil ó fhoinsí seachtracha amhail cláracha maoinithe an AE chun tograí suntasacha straitéiseacha a chur chun tosaigh don chontae” a chríochnaigh Garry Martin.

 

Rátaí nach féidir a Bhailiú

I dtuairisc chuig cruinniú de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall inniu, tugadh faoi deara go bhfuil rátaí go dtí luach €6.5m atá measta a bheith do-athfhála in 2017, agus mar chuid de seo bhí €3.3m le haghaidh sealúchais fholmha mar nach bhfuil rátaí le híoc le haghaidh sealúchais fholmha, agus tá €3.2m atá measta a bheith do-bhailithe.  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO