Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Maoiniú Gnólachtaí Tuilte

Maoiniú fógartha do Ghnólachtaí beaga a d'fhulaing le linn na dtuilte

Irish Red Cross

 

Tá tacaíocht dhaonnúil €2 milliún fógartha ag an Aire Kehoe do ghnólachtaí beaga i nDún na nGall a d’fhulaing de bharr na dtuilte

 

D’fhógair an tAire le Freagracht do Chosaint, Paul Kehoe, tús le scéim €2 milliún chun cúnamh daonnúil éigeandála a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga, do chlubanna spóirt agus d’eagraíochtaí pobail nach bhfuil in ann árachas tuilte a fháil agus atá thíos go mór de bharr na dtuilte i nDún na nGall ar na mallaibh.

 

Is é a dúirt an tAire Kehoe: “I ndiaidh cuairt a thabhairt ar an cheantar atá i gceist agus an tionchar tubáisteach a bhí ag na tuilte i nDún na nGall tá áthas orm go bhfuil maoiniú faighte agam a thabharfaidh cuidiú éigin leis an dochar mór a mhaolú agus a chuideoidh le gnólachtaí beaga, clubanna spóirt agus eagraíochtaí pobail a chur ar a gcosa arís.”

 

Dálta eachtraí tuilte roimhe seo, is é Cros Dhearg na hÉireann a dhéanfaidh an scéim a riar agus cuirfear na sonraí ar a suíomh gréasáin tráthnóna amárach.

 

“Ghníomhaigh an Rialtas leis an scéim seo a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir agus ar dhóigh atá chomh soiléir agus simplí agus is féidir, leis an chuidiú is fearr is féidir a chur ar fáil dóibh siúd atá ag fulaingt,” arsa an tAire Kehoe.  Is é Cros Dhearg na hÉireann a dhéanfaidh na híocaíochtaí agus a riarfaidh an scéim.”

 

Is é atá sa scéim ná deontas tacaíochta chun cuidiú leis na costais atá ar athchóiriú na n-áitreabh gnó, spóirt agus pobail go dtí an caighdeán céanna a bhí acu roimh na tuilte, agus san áireamh leis sin tá urláir úra, daingneáin agus feistis, agus stoc úr a chur ar fáil san áit ar scriosadh iad, nuair is cuí.  Ní bheidh aon íocaíochtaí faoin scéim fá choinne caillteanas tuarastail ná caillteanas dea-thoil ghnó.

 

Tá an scéim dírithe ar ghnólachtaí beaga (suas le 20 oibrí), ar chlubanna spóirt agus ar eagraíochtaí pobail, agus tá dhá chéim i gceist:

 

1. Cuirfear tús leis an chéad chéim gan aon mhoill agus cuirfear deontas suas le €5,000 ar fáil, ag brath ar mhéid an dochair a rinneadh.  Táthar ag dréim go gcomhlíonfaidh sé seo na riachtanais atá ag an chuid is mó díobh siúd a d’fhulaing. Cuirfear tús leis seo láithreach bonn agus tá sé i gceist na híocaíochtaí a dhéanamh chomh gasta agus is féidir.

 

2. Sa chás go bhfuil damáiste mór os cionn €5,000 déanta do na foirgimh is féidir go mbeidh tuilleadh tacaíochta ar fáil sa dara céim.  Tá an leibhéal iomlán tacaíochta atá ar fáil don dá chéim teoranta go dtí uasmhéid de €20,000.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO