Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Macallaí na Staire

14 Aibreán - Macallaí na Staire 1912 - 1923

DCC LogoPeace IV Logo 379x269DLDC Logo

 

 

Tá an tionscadal seo ag fáil tacaíochta ó Chlár PEACE IV an Aontais Eorpaigh, atá á bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

                                                                                                                                                                                                                                                       

 

Labhair le do mhuintir agus bí i do staraí amaitéarach ón bhaile.

 

Cá mhéad eolas atá agat ar stair do mhuintire? An é seo an t-am agat le tuilleadh eolais a fháil?

 

De barr an scaradh sóisialta, tá an chuid is mó againn sa bhaile agus scartha ónar gcuid agus ónár gcairde. Thiocfadh linn mothú níos cóngaraí dá chéile trí scéalta teaghlaigh agus scéalta áitiúla a bhailiú.  Tá muid ag iarraidh ar pháistí agus ar dhaoine óga teagmháil a dhéanamh le seantuismitheoirí agus le seandaoine eile sa phobal atá gafa sa bhaile.  Íoslódáil an ceistneoir agus an leathanach cuidithe ó shuíomh idirlín Chartlann Dhún na nGall.  Cuir scairt ar do thuismitheoir agus pléigh ceist nó dhó sa lá leo.  Scríobh síos na hagallaimh, nó déan iad a thaifeadadh.

 

Molaimid do dhaoine fásta a bheith páirteach sa tionscadal seo fosta, trí labhairt le do thuismitheoirí féin agus le baill níos sine den teaghlach nó den phobal.  Is féidir le daoine níos sine an ceistneoir a úsáid mar thúsphointe chun a gcuid cuimhní cinn féin agus stair a muintire a bhreacadh síos.

 

 Mar a dúirt an staraí seanchais Thomas Mac Conmara le linn agallaimh le Ryan Tubridy ar na mallaibh “Anois an t-am le labhairt le daoine agus lena chur in iúl dóibh go bhfuil tábhacht lena gcuimhní cinn.   Geallaim duit.... Ní bheidh aon aiféafa ort.”

 

Acmhainní ar fáil ar Shuíomh Idirlín Chartlann Chontae Dhún na nGall; http://www.donegalcoco.ie/culture/archives/education/.  Ina measc tá ceistneoirí agallaimh do pháistí agus do dhaoine fásta, agus comhairle ar an dóigh le tabhairt faoi agallamh a dhéanamh. Tá nascanna ann fosta chuig foinsí eile a bheadh ina chuidiú agat chun taighde a dhéanamh ar do mhuintir agus ar an cheantar áitiúil.

 

Tá Cartlann Chontae Dhún na nGall ag reáchtáil an togra stair sheanchais seo mar chuid den togra Macallaí na Staire 1912-1924, atá a mhaoiniú faoi Peace IV. Is comhpháirtíocht é an togra seo le Músaem Contae Dhún na nGall, agus dírítear ar an deich mbliana de chomórthaí (1912-1923) 

 

Mar chuid den togra Macallaí na Staire tá ceardlanna le mic léinn agus le grúpaí oidhreachta, agus agallaimh ó bhéal le daoine níos sine.  Cé go bhfuil na ceardlanna ar ceal go ceann tamaill, is féidir leat a bheith páirteach go fóill sa togra staire seo.  Tá muid ag súil leis an togra a chur ar siúl ina iomláine arís nuair a bheas deireadh leis na srianta atá ann faoi láthair. Más mian le do scoil nó le do ghrúpa oidhreachta a bheith páirteach, déan teagmháil linn.

 

Cuirfear eolas faoin togra ar fáil ar leathanach facebook Chartlann Dhún na nGall. Má tá aon cheist agat faoin togra nó faoi do chuid taighde féin, is féidir leat dul i dteagmháil linn trí ríomhphost nó ar theachtaire Facebook.

 

Coinnigh do chuid taighde uilig slán, chomh maith le seanghrianghraif agus nó ábhair eile.  Tá sé i gceist againn taispeántas a dhéanamh nuair a thiocfaidh an togra Macallaí na Staire chun críche; agus d’fhéádfaí go mbeidh do shaothar féin ina measc. Cuir do chuid ceistneoirí líonta chuig ceann ar bith de na seoltaí thíos.

 

Teagmhálaí: Alarnagh Barrett McGinley: [email protected]

Nó Niamh Brennan: [email protected]

 

Seoladh Poist: Cartlann Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall, Áras an Chontae, Leifear, Contae Dhún na nGall, F93 Y622

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO