Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Lotnaidicídí

Ag iarraidh ar fheirmeoirí a bheith cúramach le lotnaidicídí

Fuarthas leibhéal ró-ard lotnaidicídí i bhfoinsí uisce inólta i gContae Dhún na nGall agus mar gheall air sin tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar fheirmeoirí agus ar dhaoine eile a úsáideann lotnaidicídí na treoracha a leanúint agus na substaintí seo á gcur ar a gcuid tailte acu.

 

I nDún na nGall fuarthas leibhéal ró-ard lotnaidicídí sna Cealla Beaga, Carraig Airt, na Dúnaibh agus Dún na nGall (Loch Iascaigh) in 2017, chomh maith le leibhéal íseal lotnaidicídí in go leor foinsí eile, agus cé nach bhfuil aon bhagairt i gceist do shláinte an phobail tá sé riachtanach go mbeadh lucht úsáide lotnaidicídí airdeallach ar na cleachtais is fearr nuair a bhíonn siad á spré ar a gcuid tailte.

 

In Éirinn, tagann an chuid is mó (80%) de na foinsí soláthair uisce inólta ó fhoinsí uisce dromchla (uisce ó aibhneacha, ó lochanna agus ó shrutháin).  Tá foinsí mar seo i mbaol a dtruaillithe ó rithanna ó thailte agus ó ainmhithe.

 

I nDún na nGall, fuarthas an luibhicíd MCPA in aon cheann déag, ar a laghad, d’fhoinsí soláthair uisce ar fud an chontae le dhá bhliain anuas, cé gur leibhéil iontach íseal atá i gceist. Úsáidtear MCPA, den chuid is mó, leis an luachair a mharú. Tá an luachair ina fadhb ar fheirmeacha in Éirinn le blianta fada, agus tá cuma ar an scéala gurb amhlaidh a bheas sé go ceann i bhfad. Faightear é fosta i roinnt substaintí eile atá in úsáid ag garraíodóirí agus fásadóirí le lustan a mharú, agus mar sin de úsáidtear go forleathan é.

 

Mhínigh urlabhraí ó Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Bíonn fás úr ar siúl le linn an Earraigh agus téann go leor daoine amach chun  páirceanna agus chun gairdíní le héifeachtaí an gheimhridh a mheas agus le hullmhú don bhliain amach rompu. In go leor cásanna, faigheann siad amach go bhfuil lustan de chineálacha éagsúla i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil agus go bhfuil gá le gníomh chun spás a fhágáil do na plandaí is mian leo a fhás. Sa lá atá inniu ann, bíonn ról lárnach ag na lotnaidicídí ach bíonn tionchar mór acu seo agus tá sé ag iarraidh níos coitianta lotnaidicídí a aimsiú in uisce ólta ar fud an chontae.”

 

Is é MCPA is measa. Úsáidtear é leis an luachair a mharú ar thalamh fliuch. Tagann sé isteach san uisce ólta de bharr nach ndéantar é a stóráil, a láimhseáil ná a úsáid mar is ceart. Fágann seo go bhfuil muid ag sárú rialacháin uisce ólta.

 

Ní ghlacann sé ach deoir amháin den lotnaidicíd i sruthán beag leis na teorainneacha a bhaineann le huisce ólta a shárú ar feadh suas le 30 ciliméadar. Sin an bhagairt mhór atá ann do fhoinsí uisce ólta na hÉireann.

 

Léiríonn na torthaí ó scrúduithe ar uisce ólta in Éirinn go bhfuil roinnt lotnaidicídí a úsáidtear go minic ar thailte féir, ar nós MCPA á n-aimsiú níos minice.

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur i gcuimhne d’fheirmeoirí agus d’úsáideoirí gairmiúla lotnaidicídí gur gá cloí leis an chleachtas is fearr maidir le húsáid lotnaidicídí ar nós MCPA ar thailte, go háirithe in aice le lochanna agus aibhneacha atá á n-úsáid mar fhoinsí uisce ólta.

 

 Seo a leanas na bunchéimeanna a ba chóir a chur i bhfeidhm leis an bhaol ó lotnaidicídí a laghdú -

·         Roghnaigh an lotnaidicíd cheart don obair

·         Léigh agus lean na treoracha ar an lipéad

·         Oibrigh amach an méid ceart le ceannach agus le húsáid

·         Ná bí ag spré má táthar ag dréim le fearthainn nó gaoth láidir sna 48 uair amach romhainn

·         Marcáil teorainn 5 mhéadar ó imeall na habhann nó an locha

·         Bí cúramach gan ligint do titim, seas siar ó dhraenacha oscailte agus rinseáil na gabhdáin fholmha faoi thrí isteach sa spréitheoir.

·         Déan na lotnaidicídí agus a gcuid gabhdán a stóráil agus a dhiúscairt mar is ceart.

 

Mura bhfuil aon rogha eile ann seachas lotnaidicíd a úsáid, mar shampla cuimilt lustain nó an modh lí, tá buntáiste le tarracóir nó cuad a úsáid sa mhéid is go ndírítear an tsubstaint ar an sprioc-phlanda - luachair nó lustain arda eile, agus tá léirithe go n-úsáidtear 1/3 de mhéid na lotnaidicíde ar an dóigh seo (i gcomparáid le spraeáil bumaile) agus is lú go mór an t-uisce a chailltear dá bharr.

 

Is féidir amharc ar fhíseán úr ar an dóigh cheart le MCPA a úsáid ar shuíomh idirlín Teagasc agus An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.  Tá bileoga eolais ar lotnaidicíd ar fáil le híoslódáil chomh maith ó shuíomh idirlín Teagasc ar www.teagasc.ie

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO