Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Leitir Ceanainn faoi Bhláth

Leitir Ceanainn Faoi Bhláth - Moltóirí ag teacht!

Letterkenny in Bloom

 

Beidh moltóirí de chuid Phobal faoi Bhláth ar cuairt go Leitir Ceanainn an tseachtain seo mar go bhfuil an baile ag glacadh páirte sa chomórtas cáiliúil idirnáisiúnta seo.

 

Tá Leitir Ceanainn ag glacadh páirte in Eagrán Náisiúnta 2016 de Phobail faoi Bhláth i gcatagóir an Dúshláin Idirnáisiúnta (Mór), i gcomhar le Fairhope Alabama SAM; Lambton Shores ON Ceanada; Morro Bay California SAM; Baile na hÓmaí, Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí Tuaisceart Éireann agus Rosemère QC Ceanada.

 

Beidh moltóirí de chuid Phobail faoi Bhláth, Odette Sabourin-Dumais ó Québec & Piet Boersma ón Ísiltír i Leitir Ceanainn an tseachtain seo ar an 27, 28  agus 29 de mhí Iúil agus tá an pobal ag impí ar gach gnólacht agus gach duine slacht a chur ar a gcuid foirgneamh agus sealúchais sula dtiocfaidh na moltóirí.

 

Is eagraíocht neamhbhrábúsach Cheanadach í Pobail faoi Bhláth atá tiomnaithe do bhród pobail a chothú, chomh maith le freagracht timpeallachta, áilliú agus maisiú, agus ag cur leis an chaighdeán saoil trí rannpháirtíocht an phobail agus dúshlán náisiúnta.

 

Fógrófar na torthaí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta in Regina i réigiún Saskatchewan i gCeanada ó 27 go dtí 29 Deireadh Fómhair 2016 le linn an tSiompóisiam agus Gradaim.

 

Reáchtálfar an ócáid i gcomhar le Comhdháil Bhliantúil Chumann Páirceanna agus Fóillíochta Saskatchewan faoin téama Pobail Shláintiúla - Ag Baint Leasa.

 

Chun tacú le gné oideachasúil a cuid gníomhaíochtaí bhunaigh an eagraíocht an Fhondúireacht ‘Pobail faoi Bhláth’, carthanas cláraithe tiomanta do oideachas agus feasacht a mhaoiniú, a fhorbairt agus a scaipeadh i dtaca le luach, feabhsú, tábhacht agus forbairt inbhuanaithe spásanna glasa agus na timpeallachta nádúrtha i gCeanada.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO