Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Leathmharatón

Iarrtha ar an phobal a bheith airdeallach faoi Leathmharatón

Liff / Stra marathon

 

Tá lucht eagraithe Leathmharatón Leifir an tSratha Báin ag iarraidh ar an phobal a bheith eolach faoi na constaicí a bheas i bhfeidhm leis an leathmharatón a éascú maidin Dé Domhnaigh.  

 

Táthar ag dréim go mbeidh breis agus 1,000 reathaí páirteach sa rith trasteorann a thosóidh ag Sráid Theach an Chruinnithe ar an tSrath Bán ar 9.30am agus beidh na reathaithe ag críochnú ag Spórtlann Melvin idir 10.35am go dtí thart fá 1pm.  

 

Is í Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin a bheas ag comhordú an ráis i gcomhar le Cumann Lúthchleasaíochta Leifir an tSratha Báin, agus tá siad ag iarraidh ar gach duine a bheas ag taisteal sa cheantar a dturas a phleanáil, go háirithe ós rud é go mbeidh tuilleadh tráchta ar an bhóthar mar gheall ar Chraobhchomórtas Uladh agus cluichí CLG Nicky Rackard atá beartaithe le haghaidh tráthnóna Dé Domhnaigh.  

 

“Lena chinntiú go mbeidh idir reathaithe agus tiománaithe sábháilte beidh gá le srianta tráchta a bheith i bhfeidhm go ceann tamall gairid”, a dúirt Aisling McCallion, Oifigeach Margaíochta le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. “Tá siad seo roghnaithe go cúramach i gcomhairle le SPTÉ, leis na Gardaí agus leis an Roinn Bonneagair, leis an mhoill is lú agus is féidir, agus an cur isteach is lú agus is féidir, a chinntiú.

 

“Ar an drochuair beidh cur isteach de chineál éigin agus níl neart air sin, ach leis seo a laghdú tá muid ag iarraidh ort tú féin a chur ar an eolas faoin chomhairle maidir le trácht agus taisteal.  

 

“Gabhaimid ár leithscéal roimh ré as aon chur isteach a d’fhéadfadh a tharlú, déanfaidh muid ár seacht ndícheall seo a laghdú, agus cuimhnigh nach mairfidh aon mhoill ach go ceann tamall gairid.”

 

Táthar ag iarraidh ar chomaitéirí, nuair is féidir é, gan taisteal ar na bóithre atá in úsáid le linn an ráis, agus má chaithfidh siad na bóithre sin a úsáid go leanfaidh siad an mhalairt slí a bheas i bhfeidhm, chomh maith le roinnt am breise a fhágáil acu féin don turas. 

 

Ós rud é go bhfuil an rith seo ar siúl ar maidin Dhomhnaigh bheadh sé le ciall roinnt am breise a thabhairt duit féin chun dul chuig seirbhísí eaglasta ar an tSrath Bán, i Leifear, i gCaisleán na Finne agus i nDún na Lúb. 

 

Aon duine atá ag taisteal chuig an chluiche idir Tír Eoghain agus Doire ar an Ómaigh ar 4pm, agus go háirithe chuig cluiche iománaíochta Nicky Rackard idir Tír Eoghain agus Maigh Eo ar 2pm ar an Ómaigh, ba chóir dóibh am breise a thabhairt dóibh féin leis an turas a dhéanamh má tá siad ag taisteal fríd an tSrath Bán nó Leifear.  

 

Beidh Póilíní, Gardaí agus Maoir Ráis i láthair thart ar bhealach an ráis chun comhairle a chur ort.   

 

Bí foighdeach agus bain sult as an ócáid agus ná déan dearmad nach mairfidh aon mhoill rófhada. 

 

Tá liosta iomlán de na bóithre a bheas druidte le fáil ar www.derrystrabane.com/halfmarathon agus cuirfear an nuacht is déanaí ar fáil ansin chomh maith.  

 

Fá choinne tuilleadh eolais gabh i dteagmhail le [email protected] nó  02871 253253.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO