Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Lá Stáisiún Dóiteáin

Lá Oscailte ag Stáisiún Dóiteáin Leitir Ceanainn Dé Domhnaigh

fire engine

 

Tá Stáisiún Dóiteáin Leitir Ceanainn ag reáchtáil lá oscailte Dé Domhnaigh 16 Meán Fómhair agus beidh fáilte roimh an phobal teacht isteach, bualadh leis an chriú, amharc ar na hinnill dóiteáin agus ar na fearais dóiteáin atá againn, agus rud beag breise a fhoghlaim faoin dóigh le iad féin a choinneáil sábháilte ó thine.

 

Dúirt Kevin Boylan, Comhraiceoir Dóiteáin le Briogáid Dóiteáin Leitir Ceanainn go bhfuil cuma iontach maith ar an lá agus mhínigh sé gur ‘tháinig beagnach 400 duine chuig an lá oscailte a bhí againn anuraidh agus bhí lúcháir orainn leis an tsuim a léiríodh ann agus shocraigh muid ar cheann eile a dhéanamh i mbliana.

 

“Chan amháin go mbeidh deis ag an phobal bualadh leis an chriú s’againne ach go mbeidh seirbhísí eile éigeandála i láthair chomh maith, na Gardaí agus an tseirbhís otharchairr san áireamh.  Beidh roinnt taispeántas sábháilteachta dóiteáin ar siúl againn fosta, ina measc taispeántais maidir le pannaí sceallóg, aláraim dhóiteáin, agus caint agus comhairle faoin dóigh is fearr le coinneáil sábháilte.   Is féidir go mbeidh ‘Fear Dóiteáin Sam’ ar cuairt chugainn fosta, duine a bhfuil dúil mhór ag an aos óg ann, agus beidh go leor rudaí beaga á dtabhairt amach againn le linn an lae.”

 

“Ba chóir go mbeadh sé ina lá mór teaghlaigh agus bheadh sé ina dheis fosta d’éinne a bhfuil suim acu dul isteach sa tSeirbhís Dóiteáin teacht agus féachaint cad é mar a oibríonn muid agus comhrá a dhéanamh le roinnt ball den chriú” arsa Kevin.

 

Is é Cumann Comhraiceoirí Dóiteáin Dhún na nGall atá ag reáchtáil an Lae Oscailte i gcomhar le Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall, agus tá sé á reáchtáil in áit an lá nite carranna nárbh fhéidir linn a reáchtáil i mbliana ar chúiseanna éagsúla, an cosc ar Phíobáin Uisce mar shampla.   Tabharfar gach airgead d’Ospís Dhún na nGall.

 

Beidh an lá oscailte ar siúl Dé Domhnaigh beag seo 16 Meán Fómhair ó 2pm go dtí 4pm i Stáisiún Dóiteáin Leitir Ceanainn agus tá fáilte roimh achan duine.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO