Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Lámha na Staire ~ Ócáid Cheiliúrtha

Lámha na Staire ~ Ócáid Cheiliúrtha

 

"Súil Siar agus Súil chun Tosaigh"

 

(Aon Dún na nGall Amháin, Startha Éagsúla, Aon Todhchaí Amháin)

 

Beidh Togra Lámha na Staire ag óstáil Ócáid Cheiliúrtha le haird a tharraingt ar an obair mhaith a bhfuil an togra féin agus pobal Chontae Dhún na nGall araon páirteach ann. Mar chuid den ócáid amharcfar ar an aiseolas a fuarthas uatha siúd a d'fhreastail ar an chomóradh deich mbliana ar mhaithe le cur le tograí agus imeachtaí amach anseo. Beidh sé seo ar siúl in;

 

Óstán an Radisson, Leitir Ceanainn ó 9.30am go dtí 3.30pm ar an 17 Meán Fómhair 2014.

 

Tá an Ócáid Cheiliúrtha seo oscailte don phobal ar fad, agus beidh réimse leathan cainteoirí agus léiriúchán i bhfoirm scannán, dráma agus ceoil.

 

I measc na n-Aoichainteoirí tá;

Pat Colgan, Príomh-Fheidhmeannach le Foras Chláir Speisialta an AE

Paddy Doherty, Rúnaí le Comhpháirtíocht SÍOCHÁIN III Dhún na nGall

An Dr. John Ó Callaghan, ar caint ar 'Chomóradh a dhéanamh ar Éirinn na Réabhlóide'

An Dr. Duncan Morrow, ag caint ar 'Ócáidí Cuimhneacháin agus ár stair a athdhaonnú'

 

Ceol breise cumtha agus seinnte ag Tracey McRory, Gearrscannán agus caint le John D Ruddy, agus Dráma le Jonathan Burgess agus Blue Eagle Production. 

 

Tá an ócáid cheiliúrtha SAOR IN AISCE ach is gá d'áit a chur in áirithe trí ríomhphost chuig [email protected] . Is é is cúis leis an chlárú ná go gcuirfear sólaistí / lón ar fáil.

 

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall atá ag stiúradh an togra Lámha na Staire, atá á bhainistiú ag Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, faoi choimirce Chomhpháirtíocht Síochána agus Athmhuintearais BFC Dhún na nGall.  Déanann sé startha éagsúla Dhún na nGall a thaiscéaladh agus é de chuspóir aige oibriú i dtreo aon todhchaí amháin a neartóidh an tsíocháin agus an t-athmhuintearas dóibh siúd a bheas páirteach sa togra.  Tá an tionscadal seo á thacú ag an Chiste Speisialta um Forbraíocht Réigiúnach an Aontais Eorpaigh, trí Chlár an AE um Shíocháin agus Athmhuintearas, agus tá sé á bhainistiú ar son Fhoras Chláir Speisialta an AE ag Comhairle Contae Dhún na nGall. 

 

Tá sé de chuspóir ag Togra Lámha na Staire deis a sholáthar chun ceachtanna a fhoghlaim ón stair agus iad a chur i bhfeidhm sa lá atá inniu ann le todhchaí níos sábháilte agus níos fearr a chruthú.  Féachann sé lena chinntiú go gcumhdófar gnéithe éagsúla de stair Dhún na nGall agus de stair na hÉireann le linn imeachtaí an togra i rith 2014. Féachann an clár nuálach seo le scrúdú a dhéanamh ar an dóigh a ndéanaimid cuimhne ar phríomh-imeachtaí ár staire, tuiscint a fhorbairt i dtaca leis an dearcadh a bhí ag pobail éagsúla laistigh den Chontae faoi na himeachtaí seo, agus féachaint ar an tionchar atá ag na hoidhreachtaí stairiúla seo ar chaidrimh sa lá atá inniu ann.  Mar chuid de seo, tugtar dúshlán do thuairimí, comhroinntear peirspictíochtaí, agus cothaítear níos mó muiníne agus caoinfhulaingthe trí na hoidhreachtaí seo a thaiscéaladh agus a phlé i gceardlanna, comhdhálacha, drámaí agus taispeántais, agus díreofar ar na spriocghrúpaí móra atá lárnach do Chlár SÍOCHÁIN III.

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO