Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Infheistíocht Samplú Fuíolluisce

Infheistíocht i monatóireacht agus samplú fuíolluisce

Irish Water

 

 

Tá Uisce Éireann ag infheistiú €2.7 milliún i dtrealamh monatóireachta agus samplaithe in ionaid chóireála fuíolluisce ar fud réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair mar chuid de thogra náisiúnta a thabharfaidh cosaint bhreise dár gcuid aibhneacha agus uiscí cósta.

  

Tá trí chonradh ar leith ar siúl sa réigiún. Tá an chéad cheann curtha i gcrích agus bhí infheistíocht €1.7 milliún bainte leis, i nDún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Muineachán agus Sligeach.

 

Tá an dara conradh ar fiú €500,000 é ar siúl faoi láthair i gceantracha éagsúla i gCabhán, Gaillimh, Muineachán, agus Ros Comáin agus tá an triú conradh ar fiú €500,000 eile ar siúl i nDún na nGall agus i Maigh Eo.

 

Is é atá i gceist leis an chlár oibre ná fearais tomhaiste srutha, taifeadóirí eachtraí stoirmiúla agus trealamh samplaithe a chur isteach in ionaid chóireála in áiteanna straitéiseacha ar fud an réigiúin. Cinnteoidh an togra seo fosta go mbeifear ag cloí le hÚdaraithe Diúscartha Fuíolluisce de chuid na Gníomhaireachta Caomhaontais Comhshaoil i dtaca le riachtanais mhonatóireachta agus samplaithe.

  

Thíos faoi seo tá liosta de na hionaid chóireála fuíolluisce (ICFU) atá i gceist i nDún na nGall:

 

Togra

Contae

ICFU

3

Dún na nGall

Anagaire

3

Dún na nGall

Na Dúnaibh

3

Dún na nGall

Dún Fionnachaidh / Port na Bláiche

3

Dún na nGall

Dún Cionnaola

3

Dún na nGall

An Cheathrú Chaol

3

Dún na nGall

Cill Mhic Réanáin

3

Dún na nGall

Baile na nGallóglach

1

Dún na nGall

Baile Lifín

1

Dún na nGall

Ceann an Droichid

1

Dún na nGall

Bun na hAbhann

1

Dún na nGall

Carraig Airt

1

Dún na nGall

Caisleán na Finne

1

Dún na nGall

Cluain Maine

1

Dún na nGall

An Craoslach

1

Dún na nGall

An Fál Carrach

1

Dún na nGall

Cill Charthaigh

1

Dún na nGall

Cill Fhéich

1

Dún na nGall

Mainéar Uí Chuinneagáin

1

Dún na nGall

Ráth Maoláin 1

1

Dún na nGall

Ráth Maoláin 2

1

Dún na nGall

Fathain

1

Dún na nGall

Leifear

1

Dún na nGall

An Baile Nua

1

Dún na nGall

Ráth Bhoth

1

Dún na nGall

Tamhnach an tSalainn

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO