Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > I ndiaidh Orphelia

Orphelia - Níor tuairiscíodh aon chás suntasach sa chontae

Thig le Comhairle Contae Dhún na nGall a dheimhniú nár tuairiscíodh aon chás suntasach de bharr Stoirm Ophelia.  Mar sin féin, thig roinnt crann agus tá ár meithleacha oibre i ndiaidh cuid de na crainn seo a ghlanadh ar shiúl agus tá siad i mbun an chuid eile a ghlanadh ar shiúl chomh maith.  Dá bharr sin, tá cúpla bóthar druidte go fóill ar maidin.  Tá an Chomhairle ag scrúdú bóithre go fóill feiceáil an ndearnadh aon dochar.

 

Tá muid ag iarraidh ar an phobal a bheith an-chúramach go fóill nuair a bhíonn siad ag taisteal ar na bóithre i ndiaidh Stoirm Ophelia. Ba chóir do thiománaithe a bheith airdeallach faoi smionagar atá séidte amach ar an bhóthar, agus an-chúramach go háirithe i dtaca le crainn agus/nó sreanganna leictreachais atá tite.

 

Is féidir dul i dteagmháil leis an Chomhairle ar 074 91 9153900 le linn uaireanta oibre nó ar 074 91 72288 i gcás éigeandála i ndiaidh uaireanta oibre.

 

Is féidir leat coinneáil suas chun dáta trí Comhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter @DonegalCouncil #StormOphelia.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO