Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradam AER do Chomhairle Óige Dhún na nGall

An Gradam Eorpach don Chomhairle is Óg-chairdiúla buaite ag Comhairle Óige Dhún na nGall

 

Bhronn Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Seán Mac Cathmhaoil, Gradam AER Myfer don Réigiún Eorpach is Óg-Chairdiúla ar Chomhairle Óige Dhún na nGall.  Bronnadh an gradam seo inniu ag cruinniú míosúil na Comhairle Óige i dTeach an Chontae, Leifear.

 

Roghnaíodh Ródseó Meabhairshláinte SPARKS 2013 mar bhuaiteoir ar ghradam AER Myfer 2014 (An Réigiún Eorpach is Óg-Chairdiúla), a aithníonn éachtaí suntasacha laistigh de chomhairlí óige ar fud an domhain.

 

Le linn Ródseó Meabhairshláinte SPARKS de chuid Chomhairle Óige Dhún na nGall d'oibrigh siad le breis agus 800 duine óg as gach cearn den chontae. Cuireadh tús leis an ródseó i Leitir Ceanainn ar Lá Meabhairshláinte an Domhain.  Is daoine óga iad féin a rinne an smaointiú, agus gach gné den togra, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ar son daoine óga, agus le tacaíocht ó dhaoine fásta. 

 

Is mar seo a chuir Shane Callaghan ó Chomhairle Óige Dhún na nGall síos ar an togra seo "eiseamláir den scoth de rannpháirtíocht na hóige sa saol daonlathach agus tá tionchar an togra SPARKS le brath go fóill ar fud an chontae".

 

Agus ar seisean fosta "is é a bhí i gceist leis an togra SPARKS ná eolas agus comhairle a chur ar fáil faoin dóigh le strus i do shaol a bhainistiú le linn scrúduithe agus le linn amanna deacra eile.  Bhí sé i gceist fosta feasacht a ardú i dtaca leis na tacaíochtaí atá ar fáil thart ort agus an dóigh a dtig leat tacú le daoine eile a d'fhéadfadh a bheith i gcruachás".

 

Rinne an Cathaoirleach, an Clr Seán Mac Cathmhaoil, comhghairdeas leis an Chomhairle Óige as an éacht seo a bhaint amach agus ar seisean "thaispeáin an Chomhairle Óige dúinn, arís is arís eile, gur féidir le daoine óga éachtaí móra a bhaint amach.  Cinntíonn siad fosta go n-éistear le guth na n-óg trasna réimsí éagsúla, ina measc an mheabhairshláinte, sábháilteacht ar bhóithre agus sláinte ghnéasach."

 

Is é atá i gComhairle Óige Dhún na nGall grúpa de 36 dhuine óg idir 12 - 18 mbliana atá tofa, agus bunaíodh í le guth a thabhairt don aos óg sa phróiseas cinnteoireachta go háitiúil agus le ceisteanna a aithint agus le tograí a chur chun cinn chun saol daoine óga i nDún na nGall a fheabhsú.

 

Agus é ag labhairt thar ceann na Comhairle Óige is mar seo a labhair Shane Hegarty "tá lúcháir orainn an gradam seo a fháil agus tá muid ag súil leis an mhéid atá foghlamtha againn féin a roinnt ag imeachtaí eile de chuid AER amach anseo agus is féidir go spreagfaidh muid roinnt smaointe úra faoin dóigh a dtig le daoine tabhairt faoin mheabhairshláinte agus faoin rannpháirtíocht óige".

 

CRÍOCH

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO