Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradaim Óige na nGardaí

Buaiteoirí na nGradam Óige de chuid Gharda Síochána Dhún na nGall fógartha

Garda Awards Rachel McGee

An Breitheamh Paul Kelly ag bronnadh an Ghradaim Óige Aonair de chuid Gharda Dhún na nGall ar an bhuaiteoir Rachel McGee ag searmanas i dTeach an Chontae, Leifear, tráthnóna inné.

 

 

Bhí áthas ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall a bheith in ann Gradaim Óige Gharda Dhún na nGall a óstáil Dé Luain 21 Eanair 2019.

 

Rinne na Gradaim ceiliúradh ar dhaoine óga iontacha idir 13 bliana agus 21 bliain d’aois.  Thug na Gradaim aitheantas don obair mhaith atá ar siúl ag daoine óg in achan phobal i nDún na nGall.  Fosclaíodh an próiseas Iarratais i mí na Samhna agus lorgaíodh ainmniúcháin le haghaidh gradaim faoi cheithre cinn de chatagóirí.

 

Letterkenny Youthreach

Ionadaithe Ógtheagmhála Leitir Ceanainn, Richael Shiels agus Lidia Kubinska, ag glacadh le Gradam Grúpa Óige de chuid Gharda Dhún na nGall ón Bhreitheamh Paul Kelly ag searmanas i dTeach an Chontae, Leifear, tráthnóna inné.

 

Dúirt an Ceannfort Michael Finan: “Tá lúcháir ar an Gharda Síochána i nDún na nGall cuidiú le Gradaim Óige an Gharda do 2019 a éascú i gcomhar le Comhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall.  Bhí ard-chaighdeán amach is amach leis na hainmniúcháin i mbliana. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine acu sin a ainmníodh, agus buíochas a ghabháil leo siúd a ghlac an t-am le hainmneacha grúpa agus ainmneacha daoine a chur chun tosaigh”

 

Seo a leanas na daoine a ainmníodh:-

 

Gradam Duine Aonair

Rachel Mc Gee

Stephen O’ Donnell

 

Gradam Grúpa

Rothaíocht i gcoinn an Fhéinbháis - Coláiste an Earagail

Ógtheagmháil Leitir Ceanainn

Aisling Murphy agus Emma Murphy faoi choimirce Ionad Ghleanntán na Finne

 

 

Jordan Boyle

Jordan Boyle, buaiteoir Ghradam Óige Gharda Dhún na nGall le haghaidh Éacht Speisialta, ag glacadh lena ghradam ón Bhreitheamh Paul Kelly ag searmanas i dTeach an Chontae, Leifear, inné.

 

Gradam le haghaidh Éacht Speisialta

Jordan Boyle

Hannah Harley

Dina Patton

Jason Patton

 

Gradam Sábháilteachta Pobail

Mark Bradley

Evan Gorrell

Odhran O’Neill agus Ruby Hurst

 

 

Odhran O'Neill

Odhrán Ó Néill ag glacadh le Gradam Óige le haghaidh Sábháilteacht Pobail de chuid Gharda Dhún na nGall, thar a cheann féin agus thar ceann Ruby Hurst ón Bhreitheamh Paul Kelly ag Teach i Leifear inné.

 

Fógraíodh Buaiteoirí na nGradam ag Searmanas Gradam a reáchtáladh i dTeach an Chontae, Leifear, agus ba é an Breitheamh Paul Kelly, Cathaoirleach ar Choiste Moltóireachta Ghradaim Óige Gharda Dhún na nGall, a bhronn na gradaim ar na buaiteoirí.

 

Thug an Clr. Gerry Mac Maonghail, Cathaoirleach ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, ardmholadh do na daoine uilig a ainmníodh agus dúirt sé: “Tá lúcháir ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall a bheith bainteach leis an Scéim Ghradaim seo.  Is ceart agus is cóir an tionchar dearfach atá imeartha ag na daoine a ainmníodh, go háirithe ag buaiteoirí na ngradam, a mholadh agus a cheiliúradh.   Trína gcuid iarrachtaí tá na daoine óga seo i ndiaidh ról tábhachtach agus luachmhar a bheith acu sna pobail ina bhfuil cónaí orthu”.

 

Seo a leanas Buaiteoirí na nGradam:-

 

GRADAM DUINE AONAIR - Rachel Mc Gee, Ard na Fearna

 

GRADAM GRÚPA - Ógtheagmháil Leitir Ceanainn

 

GRADAM ÉACHT SPEISIALTA - Jordan Boyle, Ard an Rátha

 

GRADAM SÁBHÁILTEACHTA POBAIL - Odhrán Ó Neill, Béal Átha Seanaidh agus Ruby Hurst, Ros Neamhlach

 

Rachaidh na buaiteoirí ar aghaidh anois mar ionadaithe do Dhún na nGall chuig na Gradaim Óige Náisiúnta a bheas ar siúl i mí Aibreáin 2019.

 

Rachel McGee Group

Rachel McGee lena Gradam Óige Duine Aonair de chuid Gharda Dhún na nGall ag an searmanas i dTeach an Chontae, Leifear inné. Sa ghrianghraf chomh maith, ó chlé, tá Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Gearóid Mac Maonghail, Cathaoirleach ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall, An Ceannfort Michael Finan, An Breitheamh Paul Kelly, An Clr. Niamh McDaid agus baill den Gharda Síochána, Dún na nGall.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO