Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradaim Laochra Spóirt

Moltar do dhaoine teacht go luath chuig Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall oíche Dé hAoine

Tá Coiste Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall ag iarraidh ar aíonna teacht go luath chuig ócáid bhronnta na hoíche amárach in Óstán an Mount Errigal.  Ós rud é go bhfuil 45 gradam le bronnadh cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ar bhuille 7pm.

 

“Tá rud beag níos mó ná 600 aoi le teacht chuig ár gcuid gradam oíche Dé hAoine, agus mar sin de, le go mbeidh muid in ann gach duine a chur ina suí don chéad ghradam tá muid ag iarraidh orthu a bheith in Óstán an Mount Errigal ar 6.30pm. D’iarrfaimis ar gach duine atá ag teacht neart ama a chur ar leataobh don turas agus tiomáint go sábháilte. Tabhair faoi deara go líonfar na carrchlóis san óstán go gasta, agus is féidir go mbeidh ar roinnt aíonna píosa a shiúl leis an ionad a bhaint amach” arsa An Cathaoirleach Grace Boyle.

 

Beidh lán tí i láthair ag ócáid bhronnta Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall oíche amárach in Óstán an Mount Errigal. Dheimhnigh an coiste maidin Dé Luain go bhfuil gach ticéad díolta don 43ú ócáid bhronnta atá ag na gradaim mhórmheasúla seo, áit a mbeidh an Marcach Léime Mórchlú Ruby Walsh ina haoi speisialta.

 

Tá ardmholadh tugtha ag Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall agus atá mar urraí eisiach ag na gradaim, don obair mhór atá á dhéanamh le spórt a chur chun cinn sa Chontae.  “Is ábhar bróid do Chomhairle Contae Dhún na nGall arís a bheith mar urraí eisiach ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall.   Léiriú ar a ndúthracht agus ar a dtiomantas laistigh de phobail spóirt ar fud an Chontae é an ráth a bhíonn ar fhoirne agus ar dhaoine aonaracha as Dún na nGall ag leibhéal an chontae, an náisiúin agus an domhain.   Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh agus gach ráth a ghuí ar na daoine ar fad atá ainmnithe le haghaidh ghradaim na bliana seo.”

 

Ghabh an Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall gach dea-ghuí leis na daoine atá ainmnithe roimh an ócáid bhronnta a bheas ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall oíche Dé hAoine. “Tá Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall ar cheann de na himeachtaí is mó san fhéilire spóirt, agus tarraingíonn siad aird ar na héachtaí iontacha atá déanta ag daoine aonaracha, grúpaí agus foirne ar fud an chontae.  Tá ról fíorthábhachtach ag an spórt laistigh den phobal agus is léir agus is ríléir ón ardmholadh a fhaigheann daoine aonaracha agus foirne as gach cearn den Chontae go bhfuil an-dúthracht agus an-tiomantas ag na hoibrithe deonacha agus ag baill de na clubanna spóirt.  Ba mhaith liom gach ádh agus gach ráth a ghabháil leis na daoine atá ainmnithe san am atá amach romhainn.”

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO