Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Glantachán Inis Eoghain

Inis Eoghain iontach gnoitheach ag glanadh Dé Sathairn

 

Buncrana and Burnfoot Volunteers #BigDonegalCleanUp

 

Bhí cuid mhór grúpaí ag cromadh ar an ghlanadh Dé Sathairn seo caite mar chuid den ghlantachán mór pobail ar fud Inis Eoghain.

 

Carrowmena Group #BigDonegalCleanUp 2018

 

Bhí grúpaí amuigh i gCeathrú Meánach, Bun an Phobail, An Caisleán Nua, Cluain Maine, Rinn Uí Choigligh, Crislaghkeel, Bun na hAbhann agus Bun Cranncha agus iad ag tógáil bruscair agus ag glanadh leo thart fríd na bóithre, na bailte agus na sráidbhailte.

 

 

Crislaghkeel Clean Up 2018

 

Crislaghkeel Clean Up 2018 (2)

 

Bhí Pearse McCrory, Maor Bruscair le Comhairle Contae Dhún na nGall, páirteach san obair fosta agus tháinig an tiománaí leis an Chomhairle, Noel Ó Donnell, níos moille sa lá leis an bhruscar a bhí curtha i málaí ag na grúpaí a thógáil.

 

Bhí díomá ar Pearse leis an oiread bruscair a bhí caite ar thaobh an bhealaigh mhóir, go minic ag daoine a bhíonn ag tiomáint fríd an cheantar. Dúirt sé nach mbeadh na hacmhainní ag an Chomhairle Contae le gach bóthar agus gach spás poiblí sa chontae a choinneáil glan, agus go raibh obair na ngrúpaí seo fíorthábhachtach mar gheall air sin. Thug sé ardmholadh do na grúpaí glantacháin, agus d'iarr sé ar na daoine sin a chaitheann bruscar amach as carranna smaointiú arís agus gan é a dhéanamh mar go gcaithfidh duine inteacht teacht ina ndiaidh le é a ghlanadh. Chomh maith leis sin, ar seisean, tá sé baolach don ghnáthóg nádúrtha, agus cuireann sé droch-chuma amach is amach ar an cheantar. 

 

Moville Greencastle Group #BigDonegalCleanUp 2018

 

'Glantachán Mór Inis Eoghain' a tugadh ar an lá Dé Sathairn agus bhí grúpaí páirteach ó na bailte agus ó na sráidbhailte ar fud na leithinise.

 

Tá an togra seo ar siúl le roinnt blianta anois agus bíonn níos mó grúpaí agus ceantracha ag glacadh páirte ann. Tá lúcháir ar an Chomhairle leis an chuidiú a tugadh i mbliana. Tháinig oibrithe deonacha amach ina sluaite le bruscar a thógáil, agus cuireann an Chomhairle Contae málaí, piocóirí agus veisteanna ardfheiceálacha ar fáil, agus bailíonn an Chomhairle an bruscar i málaí níos moille sa lá.  

 

 

Noel O'Donnell lifting clean up bags #BigDonegalCleanUp 2018 

Tá aitheantas tuillte ag na Coistí Bailte Slachtmhara fosta as an obair a dhéanann siad i rith na bliana. Bhí glantacháin ar siúl i gCluain Maine agus i mBaile Lifín Dé hAoine, agus tá sé i gceist ag muintir Chúil Dabhcha agus na hInse glantacháin a reáchtáil Dé Sathairn seo chugainn ar an 14 Aibreán. 

Tá neart ama le bheith páirteach ann go fóill. Níl le déanamh ach scairt a chur ar an Chomhairle ag 074 91 53900 nó clárú ar líne ag www.donegalcoco.ie nó níos fearr arís teacht chuig glantachán atá eagraithe i do bhaile nó i do shráidbhaile cheana féin. Is dóigh iontach maith é le haithne a chur ar dhaoine agus giota craic a bheith agat, chomh maith le rud éigin fiúntach a dhéanamh do do phobal féin. 

 

Quigley's Point Clean Up #BigDonegalCleanUp 2018

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO