Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Glantachán Dhún na nGall

Bígí Páirteach i nGlantachán Mór Dhún na nGall 2017

Big Donegal Clean Up 2 269 x 379  

 

Martin Roarty, Maor Bruscair leis an Chathaoirleach agus le Muintir Ryan ag seoladh Glantachán Dhún na nGall 2017

 

Tá pobail ar fud Dhún na nGall iontach gnoitheach faoi láthair mar go bhfuil Glantachán Mór Dhún na nGall faoi lán seoil.

 

Ag an deireadh seo beidh glantacháin ar siúl i Ráth Dónaill agus sna Tréantacha, Droim Eochaille, Conmhaigh, Creamhghort, Gleann Mhic Coinn, Baile Mhic Cumhaill i Leitir Ceanainn, Cúil Dabhcha agus Rinn Uí Choigligh.

 

Tá glantachán beartaithe do Mhín an Lábáin tráthnóna Dé Luain agus tá mic léinn agus baill foirne le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ag reáchtáil glantacháin thart ar an champas agus ar feadh Bhóthar an Phoirt agus i gceantar Bhaile Raithin níos moille sa tseachtain.

 

Maidin Dé Máirt beidh Coiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn ag seoladh an 32ú babhta dá bhfeachtas Pobal Níos Glaine, agus táthar ag iarraidh ar gach cónaitheoir agus gach gnólacht i Leitir Ceanainn tacú leis an fheachtas seo trí ghlantachán a eagrú ina gceantracha féin nó trí pháirt a ghlacadh iontu.

 

Tá glantacháin beartaithe don tseachtain seo chugainn fosta ar an Bhealach Dhearg, Gleann Bhairr agus i gceantracha Thalamh na gCoillte agus Cashelshanaghan i Leitir Ceanainn.

 

Tá glantacháin beartaithe don Satharn 8 Aibreán i bhFathain, Bun an Phobail agus ar an Chaisleán Rua, agus tá glantachán beartaithe don trá i mBaile Lifín Dé Domhnaigh 9 Aibreán.  Tá roinnt glantachán beartaithe fosta ar Aoine an Chéasta, ina measc Carn Domhnach, i Moylehill agus i mBaile Áir agus sna Gleannta.

 

Deir Martin Roarty, Maor Bruscair le Comhairle Contae Dhún na nGall i gCeantar Bardais Leitir Ceanainn go bhfuil sé go hiontach an tsuim mhór atá léirithe ag daoine aonaracha agus ag pobail ar fud an chontae a fheiceáil, agus tá sé ag iarraidh ar gach duine sna ceantracha a bheith páirteach ann.    

 

“Is iontach an tsuim atá léirithe ag daoine aonaracha agus ag pobail.  Dá dtabharfadh gach duine 30 bomaite dá chuid ama le bheith páirteach sa ghlantachán ina gceantar féin, d’fhéadfaí cuid mhór a bhaint amach.  Is contae iontach mór ar fad í Dún na nGall agus ar an drochuair níl an Chomhairle in ann an contae a choinneáil saor ó bhruscar gan chuidiú.  Sin an fáth go bhfuil an obair a dhéanann na daoine seo agus na pobail seo fíorthábhachtach”. 

 

“Tá muid breá sásta tacú leo trí mhálaí, lámhainní, agus piocairí bruscair a chur ar fáil agus thig linn socrú a dhéanamh an bruscar a bhailiú nuair atá sé sin curtha i málaí’.

 

‘Tá muid ag tathant ar dhaoine aonaracha fosta, nuair a bhíonn siad amuigh ag siúl, mála a thabhairt leo agus bruscar a phiocadh suas de réir mar a thagann siad air agus iad amuigh ag siúl.  Arís, tá muid níos mó ná sásta an bruscar a bhailiú nuair a bheas sé curtha i málaí, agus níl le déanamh agat ach dul i dteagmháil linn ar 074 91 53900’.

 

“Tá muid ag iarraidh ar thiománaithe a bheith níos cúramaí nuair a tchífidh siad glantachán ar siúl.  Le linn an deireadh seachtaine seo, beidh glantachán ar siúl ar feadh Bhóthar Leifir i nDroim Eochaille agus tá muid ag iarraidh ar gach tiománaí ar an bhóthar seo tiomáint níos cúramaí, agus is amhlaidh an scéala in áiteanna eile sa chontae chomh maith’.

 

Le clárú do Ghlantachán Mór Dhún na nGall i mbliana cuir scairt ar 074 91 53900 nó déan iarratas ar líne ag a www.donegalcoco.ie .  Is féidir leat clárú fosta le Feachtas Glantacháin Earraigh an Taisce go náisiúnta trí scairt a chur ar (01) 4002219 nó ar líne ag at www.nationalspringclean.org.

 

 

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO