Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Glantacháin Aibreán 18

An ghrian le spalpadh anuas ar lucht glantacháin

Clean up

Grúpa Pobail na dTréantacha - Ráth Dhomhnaill a bhfuil glantachán á dhéanamh ina gceantarsan, sa ghrianghraf le Noel O’Donnell agus Martin Roarty ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Agus aimsir mhaith tuartha don chúpla lá amach romhainn beidh an ghrian ag spalpadh anuas ar na hoibrithe deonacha a bheas amuigh arís mar chuid de Ghlantachán Mór Dhún na nGall.   Tá glantacháin beartaithe le haghaidh Bhaile Lifín, Cluain Maine, Carn Domhnach, na Gleanntaí, An Fál Carrach agus an Ghlaidhb i Leitir Ceanainn. 

 

“Bhí suim millteanach mór i nGlantachán Mór Dhún na nGall arís i mbliana.  Tá sárobair á déanamh ag na pobail ar fud Dhún na ngall agus is féidir le gach duine na torthaí a fheiceáil” arsa Suzanne Brogan, an Oifigeach Feasachta Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall.  

 

“D’iarrfainn orthu siúd a fhágann bruscar ina ndiaidh gan oiread agus an dara smaointiú sa chloigeann acu, nó orthu siúd a dhéanann dumpáil mhídhleathach, d’iarrfainn orthu smaointiú arís agus a chuimhneamh go bhfuil gach mála nó gach píosa bruscair a chaitear uatha i gcoinne an dlí ar thaobh amháin, ach go bhfuil sé fosta maslach don obair mhór iontach atá ar siúl ar daoine ar fud Dhún na nGall agus déanann sé an-dochar don fhiadhúlra agus don timpeallacht.

 

“Tá muid báite in iarratais ó ghrúpaí agus ó dhaoine aonaracha chun páirt a ghlacadh ann agus léiríonn sin an bród mór atá ag na daoine as a gceantracha féin.   Mholfaimis do gach duine a pháirt a dhéanamh agus cuidiú leis na glantacháin seo go háitiúil.  Cuireann an Chomhairle málaí, piocóirí agus veisteanna ardfheiceálacha ar fáil, agus ansin bailíonn muid an bruscar ó áiteanna ar leith ag am atá aontaithe”.

 

Seo a leanas na glantacháin a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo:

 

  • Bailte Slachtmhara Bhaile Lifín Dé hAoine 19 Aibreán, ag toiseacht ar 11am ag Carrchlós Thrá Pollen.

 

  • Bailte Slachtmhara Chluain Maine, a mbeidh glantachán acu in Iorras, Dún Damh, An Líonán, agus sa cheantar máguaird Dé hAoine 19 Aibreán, agus beidh dhá áit ann le cruinniú le chéile: Halla Mhuire, Cluain Maine agus Tír na Sligeach, Iorras ag 10am.

 

  • Bailte Slachtmhara Charn Domhnach, Dé hAoine 19 Aibreán, ag cruinniú le chéile ag Oifigí na Comhairle Contae i gCarn Domhnach, sa charrchlós, ar 11.am.

 

  • Bailte Slachtmhara na nGleanntach agus Grúpa Halla an Mhargaidh, beidh Glantachán Mór Bliantúil Aoine an Chéasta acu ar an 19 Aibreán, ag teacht le chéile ag Halla an Mhargaidh ar 10am.

 

  • Cóstaí Glana an Fháil Charraigh, a mbeidh glantachán agus plandáil mhuirínigh ar an trá ag Droim na Tine Dé Sathairn 20 Aibreán ar 12.30pm.

 

  • Beidh glantachán ar siúl ag Cumann Cónaitheoirí na Gléibe Dé Domhnaigh 21 Aibreán, ag bualadh le chéile ar 11am.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO