Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Glan suas do Rothar do Sheachtain na Rothar

Glan suas do Rothar fá choinne Sheachtain na Rothar 2014

Bí páirteach sa turas rothaíochta am lóin i Leitir Ceanainn

Is é atá i Seachtain na Rothar ná togra chun gach rud atá maith fá dtaobh de rothair agus den rothaíocht a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Bíonn sé ar siúl go ceann seachtaine gach bliain i mí Mheithimh, agus bíonn imeachtaí rothaíochta á reáchtáil ag údaráis áitiúla, coistí pobail agus cumainn rothaíochta ar fud na hÉireann, agus beidh imeacht na bliana seo ar siúl idir an 14 agus 23 Meitheamh 2014.

Beidh scrúduithe rothair saor in aisce, turais spraíúla rothaíochta, rothaíocht am lóin i lár cathrach, rothaíocht oidhreachta, rásanna ar rothair leictreacha, imeachtaí rothaíochta i scoileanna, féilte rothaíochta, rásanna bóthair agus go leor leor eile. Tá rud éigin fá choinne gach aoisghrúpa agus gach leibhéal cumais. 

Tá clár iomlán d'imeachtaí rothaíochta ar fud an chontae ar fad curtha i dtoll a chéile go háitiúil ag Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall, le tacaíocht ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Comhairle Contae Dhún na nGall, An FSS agus cumainn rothaíochta áitiúla agus coistí áitiúla, ina dtig le gach duine a bheith páirteach agus sult a bhaint as, agus cuirfear tús leis sin uilig ag seoladh ar bhonn contae agus turas rothaíochta am lóin i Leitir Ceanainn Dé Máirt 10 Meitheamh.

Fágfaidh an turas rothaíochta am lóin Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn ar 1.00pm agus leanfaidh sé lúb thart ar Bhóthar an Phoirt, Bóthar an Phiarsaigh, isteach go dtí an timpeallán ag Stóras Dunne, agus ar ais chuig an Ionad Seirbhísí Poiblí. Ba chóir do thiománaithe a thabhairt faoi deara gur féidir go mbeidh moilleanna beaga thart ar Leitir Ceanainn Dé Máirt 10 Meitheamh chun ligint do na rothaithe an turas 3.5km a chríochnú.

Beidh páistí agus baill foirne ó Scoil Náisiúnta Bhaile Raithin agus ó Scoil Náisiúnta 'Oideachas le Chéile' i Leitir Ceanainn páirteach ann chomh maith le hoibrithe ó ghnólachtaí agus ó oifigí ar fud an bhaile. Tosóidh an turas rothaíochta ar 1pm ó Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn agus tá sé oscailte do gach duine, níl le déanamh agat ach do rothar agus do chlogad a thabhairt leat, agus ar aghaidh leat.

Tuilleadh eolais ar imeachtaí Sheachtain na Rothar ó Chomhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall @ 0749116078 / 16079 nó www.activedonegal.com

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO