Tá Oifigí de chuid na Comhairle i Leifear, i mBaile Dhún na nGall agus i mBaile na nGallóglach le lasadh suas le dath corcra an tseachtain seo chugainn mar chuid d’fheachtas domhanda chun feasacht an phobail a ardú i dtaca le Galar Huntington. Is galar neamhchoitianta meathlúcháin é Galar Huntington atá á fhulaingt ag breis agus 750 duine in Éirinn agus tá Cumann Galar Huntington na hÉireann ag dul i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile GH ar fud an domhain an tseachtain seo chugainn le feasacht a ardú i dtaca leis an ghalar ón 15-19 Bealtaine 2017.
Tá thart fá 4,000 in Éirinn faoi bhagairt ard ghéiniteach ón ghalar, agus achan pháiste a bhfuil tuismitheoir acu a bhfuil galar GH orthu tá seans 50% go bhfaighidh siadsan an ghéin is cúis leis an ghalar chomh maith.
Is galar teaghlaigh é Galar Huntington a scriosann an corp agus an intinn. I measc na siomptóm tá gluaiseachtaí gan smacht, caint leata, agus lagú cognaíoch agus mothúchánach, a éiríonn níos measa le himeacht ama. Is iondúil go dtosaíonn siad seo nuair a bhíonn duine idir 30 agus 50 bliain d’aois, agus éiríonn na siomptóim níos measa thar thréimhse 10-25 bliana le linn leathnú an ghalair. Sa deireadh, daoine a bhfuil GH orthu, beidh siad ag brath go huile is go hiomlán ar dhaoine eile.