Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Forlíonadh National Geographic

Dún na nGall clúdaithe i Mór-Iris Idirnáisiúnta

Nat Geo launch

 

Tá aird mhór ar mhór-bhuntáistí Dhún na nGall i bhforlíonadh 20 laethanach d’eagrán Mheán Fómhair an National Geographic.  I ndiaidh do Chontae Dhún na nGall a bheith ainmnithe mar ‘An Áit is Cúláilte ar an Phlainéad 2017’ ag an iris chlúiteach rinne oifigigh ó Thurasóireacht Dhún na nGall CLG teagmháil leis an National Geographic Traveller leis na deiseanna margaíochta a fhiosrú a bhainfeadh an leas is mó agus is féidir do Dhún na nGall as an teideal ardghradaim seo a bhaint.

 

Mar thoradh air sin, dhírigh an forlíonadh taistil 20 leathanach ar Dhún na nGall agus tá sé curtha le heagrán Mheán Fómhair 2017 den National Geographic Traveller, agus níl ansin ach ceann amháin de na heilimintí de dhianfheachtas margaíochta atá ar siúl i gcomhar leis an National Geographic Traveller atá ag obair go dlúth le baill foirne Thurasóireacht Dhún na nGall CLG.

 

Ba iad an Cathaoirleach, An Comhairleoir Gerry McMonagle agus Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Cathaoirleach ar Thurasóireacht Dhún na nGall CLG an tUas. Séamus Mac Conghaola, a d’óstáil an seoladh oifigiúil a bhí ar siúl Dé hAoine i dTeach an Chontae i Leifear.

 

Agus é ag caint ag an seoladh is é a dúirt an Cathaoirleach: ‘Is ceann scríbe den chéad scoth é Dún na nGall do réimse leathan cuairteoirí agus beidh buntáistí móra don turasóireacht san am atá romhainn ag éirí as an aird idirnáisiúnta atá meallta de bharr an fhorlíonadh taistil seo do Dhún na nGall sa National Geographic Traveller. Is deis iontach í seo do chuairteoirí ó gach cearn den domhain lena fheiceáil go bhfuil gach rud againne anseo i nDún na nGall.’

 

Ba iad na daoine a chuidigh leis an fhorlíonadh taistil do Dhún na nGall a dhéanamh ná baill foirne le Turasóireacht Dhún na nGall CLG, Stiúrthóir Bainistíochta agus Foilsitheoir Matthew Jackson, An tEagarthóir Stephanie Cavagnareo, an scríbhneoir taistil Zoë McIntyre agus an grianghrafadóir Alecsandra Raluca Dragoi.

 

Is é a dúirt an Príomh-Fheidhmeannach Séamus Mac Conghaola: ‘Bhí tionchar i bhfad níos mó ar Chontae Dhún na nGall ag an ainmniúchán mar ‘An Áit is Cúláilte ar an Phlainéad’ ná mar a raibh foireann an National Geographic Traveller ag dréim leis ó thaobh uchtach agus spreagadh a thabhairt don phobal an leas is mó agus is féidir a bhaint as an deis iontach seo’. 
‘Thug Zoe agus Alecsandra cuairt ar Dhún na nGall ní ba luaithe i mbliana agus thaistil siad go gach cearn den chontae ag bailiú scéalta, ag glacadh grianghraf agus ag blaiseadh an chuid is fearr de Chontae Dhún na nGall. Bhí siad mar aíonna ag ionadaithe ón earnáil turasóireachta, ó lóistín go béilte, gníomhaíochtaí go háiseanna. Thug muintir Dhún na nGall an-tacaíocht dúinn sa togra seo agus ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a bhí páirteach agus a chuir fáilte rompu le linn a gcuairte ar Dhún na nGall’.

 

Sa bhreis ar an mhargaíocht ar líne, áit a mbeidh ailt fá dtaobh de Dhún na nGall ar bhlag agus ar leathanaigh meán sóisialta an National Geographic Traveller, i mí Mheán Fómhair 2017, rachaidh foireann Thurasóireacht Dhún n nGall CLG go Londain chun freastal ar ócáid speisialta idirlín a bheas á reáchtáil ag an National Geographic Traveller.  Is ócáid bheo ar líne é seo ina dtiocfaidh ionadaithe ó réigiúin éagsúla ar fud an domhain le chéile leis an cheann scríbe s’acu féin a phlé le painéal saineolaithe. Is deis iontach é seo le Dún na nGall a chur chun cinn agus beidh tuilleadh eolais faoin imeacht seo ar fáil go luath.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO