Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fóram Freagartha Pobail do Covid-19

Fóram Freagartha Pobail do Covid-19

28 Márta 2020

 

Comhairle Contae Dhún na nGall i gceannas ar eagraíochtaí áitiúla a thabhairt le chéile chun cuidiú le baill den phobal le linn Covid-19

Líne chabhrach ar leith don phobal le bheith ar fáil ón Luan

 

Tá Fóram Freagartha Pobail do Covid-19 bunaithe i nDún na nGall, agus á chomhordú ag Comhairle Contae Dhún na nGall, ar iarratas ón Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy.

 

Bunófar líne chabhrach ar leith don phobal sa Chomhairle chun cuidiú le baill leochaileacha den phobal teacht ar chomhairle agus ar thacaíochtaí neamh-éigeandála agus neamhliachta le linn na géarchéime sláinte poiblí atá ann faoi láthair.  Is é an Fóram úr Freagartha Pobail do Covid-19 i nDún na nGall, ar a bhfuil breis agus fiche áisíneacht agus eagraíocht, a bhunóidh an tseirbhís rúnda gutháin.  Tá an líne chabhrach dírithe go príomha ar a chinntiú go dtig le baill leochaileacha den phobal nó go dtig leo siúd atá ina gcónaí leo féin teacht ar earraí grósaera, chógas agus bhreosla.  Is é ról an Fhóraim ná a chinntiú go bhfuil freagairt chomhordaithe phobail i bhfeidhm againn, agus cuidiú le gach eagraíocht dheonach reachtúil comhoibriú lena chéile chun tacaíocht a thabhairt dár bpobail agus go háirithe do na baill is leochailí den phobal.

 

San áireamh ar Fhóram Freagartha Pobail Covid-19 do Dhún na nGall tá:

 

  • Comhairle Contae Dhún na nGall
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • An Garda Síochána
  • Seirbhís Leasa Pobail na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
  • Údarás na Gaeltachta
  • TUSLA
  • Cuideachta Forbartha Áitiúla Dhún na nGall
  • Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain
  • Ionad d’Oibrithe Deonacha Dhún na nGall   
  • Cros Dhearg - Dún na nGall
  • Cosaint Shibhialta - Dún na nGall
  • Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann - Dún na nGall
  • CLG Dhún na nGall
  • Comhaontas Aoisbhá Dhún na nGall
  • An Líonra Rannpháirtíochta Poiblí
  • Nasc Áitiúil - Dún na nGall
  • An tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaigh
  • ALONE - Tacaíocht chun dul in aois sa bhaile
  • Togra Lucht Siúil Dhún na nGall
  • Ardán Idirchultúrtha
  • Ceannairí Reiligiúnacha ón Eaglais Chaitliceach, ó Eaglais na hÉireann agus ón Eaglais Phreispitéireach

 

Níl sa líne ghutháin úr ach gné amháin d’obair an Fhóraim. Is é an croí-chuspóir atá againn ná cuidiú leis an phobal ar fad laghdú a dhéanamh ar leathnú an víris Covid-19. Déanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall cinnte, tríd an ghrúpa seo, go mbeidh na grúpaí éagsúla ar fad ar fud an chontae, atá ann chun cuidiú leo siúd atá i ngátar, ag obair ar dhóigh eagraithe, chomhoibritheach agus spriocdhírithe.   Tá Fóram Freagartha Pobail COVID-19 na Comhairle ann chun an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as na hacmhainní ar fad atá ann chun cuidiú le daoine leochaileacha ó thaobh a riachtanais laethúla de ag an am crua seo, bíodh sin ag bailiú cógais, ag déanamh siopadóireachta, ag tabhairt tacaíocht shóisialta, nó a bheith i dteagmháil.

 

Míníonn Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall,, Séamus Mac Conghaola: “Tá roinnt eagraíochtaí ag déanamh sár-oibre faoi láthair chun cúram a thabhairt do dhaoine níos sine agus do dhaoine leochaileacha sa phobal s’againne. Is é ról na Comhairle, tríd an Fhóram seo, ná cur chuige spriocdhírithe, comhtháite agus comhordaithe a sholáthar i dtaca le seachadadh na seirbhísí riachtanacha seo chuig baill leochaileacha den phobal ar fud an Chontae le linn phaindéim COVID-19.  Tá Comhairle Contae Dhún na nGall in áit mhaith, go reachtúil agus go réigiúnach, leis an obair iontach seo a stiúrú agus leis an struchtúr eagrúcháin a sholáthar i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara ar fad.   Tá an ghéarchéim sláinte poiblí seo i ndiaidh an saol a bhí ag go leor daoine a athrú, agus tá muidne ansin chun cuidiú leis an athrú sin.  Tá athrú ar ról laethúil oibre na mball foirne s’againne fosta de bharr na géarchéime seo, agus beidh siad ar fáil eis an chlár tacaíochta pobail seo a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar lenár bpáirtnéirí éagsúla.  Ón Luan 30 Márta beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag cur ar fáil uimhir theagmhála saor in aisce [1800-928-982] agus ríomphost ar leith [email protected] idir 9am agus 5pm

 

Cuirfear fógraí faoin tseirbhís úr seo ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ar ár leathanaigh meáin shóisialta.  Iarrfar ar ár gcuid páirtnéirí an tseirbhís seo a fhógairt fosta.  Cuirfear bileog eolais ina mbeidh uimhir ghutháin úr saor in aisce agus eolas eile ar fud an chontae, go háirithe chuig tithe leochaileacha, sna laethanta amach romhainn.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO