Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fógra SIRO – dea-scéal do Dhún na nGall

Fógra SIRO – dea-scéal iontach do Dhún na nGall

Siro 1

An tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD, le Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an comhairleoir Séamus Ó Domhnaill, an comhairleoir Mickey Doherty, an comhairleoir Martin Harley, an comhairleoir Rena Donaghy, an comhairleoir Martin Farren (Cathaoirleach CB Inis Eoghain) agus an comhairleoir Bernard McGuinness le Stephen O'Connor SIRO, Seamus Neely agus Brian Boyle, Comhairle Contae Dhún na nGall ag fógairt SIRO maidir le hinfheistiú úr €14 mhilliún i soláthar céimneach a líonra leathanbhanda Snáithín-go-Foirgneamh chuig sé bhaile mhóra eile  i nDún na nGall – Bun Cranncha, Baile Dhún na nGall, Bealach Féich, Srath an Urláir, Béal Átha Seanaidh agus Bun Dobhráin. (North West Newspix)

 

Inniu, chuir an comhairleoir Séamus Ó Domhnaill fáilte roimh sheoladh sholáthar céimneach líonra  leathanbhanda Snáithín-go-Foirgneamh SIRO go Bun Cranncha, Baile Dhún na nGall, Bealach Féich, Srath an Urláir, Béal Átha Seanaidh agus Bun Dobhráin, rud a mhol sé mar ‘dhea-scéal iontach do Chontae Dhún na nGall’.

 

Agus é ag labhairt ag an seoladh, mhaígh an comhairleoir Ó Domhnaill gur “cloch mhíle thábhachtach ar thuras Chomhairle Contae Dhún na nGall le 20 bliain anuas an fógra go bhfaighidh 14,000 foirgneamh fud fad Chontae Dhún na nGall nasc leathanbhanda SIRO de bhreis ar an 11,000 foirgneamh i Leitir Ceanainn a bhfuil sé faighte acu cheana féin.”

 

 I ndiaidh dhruidim Fruit of the Loom, agus caillteanas na mílte post i dtionscail teicstíle Dhún na nGall ag deireadh na 90idí, léirigh Tuairisc Thascfhórsa Fostaíochta, i measc rudaí eile, drochbhail na seirbhísí teileachumarsáide i nDún na nGall.

 

D'oibrigh Comhairle Chontae Dhún na nGall leis an Rialtas, le Soláthraithe Seirbhísí Teileachumarsáide, agus leis an AE agus le dreamanna eile, chun infheistíocht a mhealladh le haghaidh seirbhísí teileachumarsáide aisiompair athléimneacha agus úsáideora deiridh ar ardluas a sholáthar. Ar a bharr sin, thug an Chomhairle maoiniú suntasach acmhainní dílse do réimse de thionscnaimh teileachumarsáide lena n-áirítear forbairt an Líonra Ceantar Uirbeach, agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang pobalbhunaithe a fhreastalaíonn ar cheantair thuaithe.

 

Dúirt an comhairleoir Ó Domhnaill, “tá tairbhí suntasacha le feiceáil anois i ndiaidh na mblianta sin de streachailt. Tá braisle dhigiteach iontach suntasach, a fhaigheann tacaíocht láidir ó sheirbhísí teileachumarsáide, lena n-áirítear nascacht dhíreach le Meiriceá Thuaidh, forbartha ag Leitir Ceanainn. Agus é anois ar an séú braisle FINTECH is mó in Éirinn, tá sé mar sprioc againn braisle Leitir Ceanainn a fhorbairt a thuilleadh agus í a leathnú amach go háiteanna eile sa Chontae.

 

 “Mar Chomhairle, táimid den tuairim gurb é soláthar líonraí teileachumarsáide athléimneacha le rochtain oscailte, Snáithín-go-Foirgneamh, an bealach is fearr le seirbhísí leathanbhanda ardluais a sholáthar do ghnóthaí agus do shaoránaigh ar fud an chontae. Gheobhaidh 14,000 foirgneamh eile fud fad Chontae Dhún na nGall nasc leathanbhanda SIRO de bhreis ar an 11,000 foirgneamh i Leitir Ceanainn a bhfuil sé faighte acu cheana féin. Nuair a chuirtear na figiúirí seo leis an tionscadal snáithín tuaithe Eir, a nascann 25,000 foirgneamh sa chontae, tá sé soiléir go bhfuil soláthar leathanbhanda luas ghigighiotáin ag dul chun cinn go sciobtha”.

 

Chuir Martin Farren, Cathaoirleach CB Inis Eoghain, fáilte roimh an fhógra fosta agus bhí sé sásta, go háirithe, go ndearnadh an fhógairt seo i mBun Cranncha in Inis Eoghain. Dúirt sé, “seo fógra iontach tábhachtach, ní hamháin do Bhun Cranncha ach don Chontae ar fad. Ní féidir áibhéil a dhéanamh ar an tábhacht atá le leathanbhanda ardluais i saol an lae inniu agus tá an clár Digiteach tábhachtach do Dhún na nGall go háirithe i dtéarmaí jabchruthúcháin agus forbairt gnó, agus guím gach rath ar SIRO maidir le soláthar céimneach an infreastruchtúir seo.” 

 

 

Siro 2

An tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh, TD, le  Stephen O’Connor (Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha SIRO), leis an chomhairleoir Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus le Martin Farren (Cathaoirleach CB Inis Eoghain) ag fógairt SIRO maidir le hinfheistiú úr €14 mhilliún i soláthar céimneach a líonra leathanbhanda Snáithín-go-Foirgneamh (FTTB) chuig sé bhaile mhóra eile i nDún na nGall – Bun Cranncha, Baile Dhún na nGall, Bealach Féich, Srath an Urláir, Béal Átha Seanaidh agus Bun Dobhráin. (North West Newspix)

 

Chomh maith le tús áite a thabhairt do sholáthar céimnithe leathanbhanda ardluais, tá ról lárnach ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcur i bhfeidhm Straitéis Dhigiteach do Chontae Dhún na nGall.

 

Mhínigh Brian Boyle, Ceannasaí Seirbhísí Eolais leis an Chomhairle gur “tionscadal idirghníomhaireachta uathúil é Dún na nGall Digiteach a stiúrann an Chomhairle agus a bhfuil Fiontraíocht Éireann, An tÚdarás Forbartha Tionscail (IBA), Údarás na Gaeltachta, Fáilte Ireland, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Pramerica páirteach go gníomhach ann. Le tacaíocht láidir ó ERNACT, cuireann Dún na nGall Digiteach raon de thionscadail TFC agus dhigiteacha chun cinn le nuálaíocht, forbairt eacnamaíoch agus cruthú post a spreagadh sa chontae.”

 

Arsa Brian Boyle fosta "tionscadal amháin ar fiú aird a dhíriú air ná cruthú an líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití ar fud an chontae, lena n-áirítear saoráid an-mhór ar shuíomh sheanoifigí na Comhairle Baile i mBun Cranncha. Tá tábhacht straitéiseach le Mol Nuálaíochta Inis Eoghain do leithinis Inis Eoghain ar fad mar go soláthróidh sé raon de sheirbhísí nuálaíochta, aistrithe teicneolaíochta agus tacaíochta fiontraíocht dhigiteach do ghnólachtaí nuathionscanta ionchais, agus do ghnólachtaí atá ann cheana sa réigiún agus táthar ag súil go gcuirfear tús le tógáil an mhoil nua seo sna míonna amach romhainn. "

 

Is tionscadal eile é de chuid Dún na nGall Digiteach soláthar Wifi poiblí agus tá obair faoi shiúl ar phleanáil soláthar seirbhísí Wifi poiblí saor in aisce fud fad Dhún na nGall i ndiaidh an fhógra le déanaí faoin Scéim Wifi4AE ag deireadh na bliana seo a chuaigh thart.

 

Creideann Brian Boyle “chomh maith le heochairsheirbhís phoiblí a sholáthar, cuireann soláthar forleathan Wifi poiblí teachtaireacht amach faoin rún atá againn mar chontae teicneolaíochtaí digiteacha a chur san áireamh chun forbairt shóisialta agus eacnamaíoch a spreagadh, chomh maith le tacaíocht a thabhairt don cháil atá Dún na nGall ag saothrú dó féin mar áit chun cónaí, obair agus infheistiú inti".

 

Thug an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail aitheantas do chlár Dhún na nGall Digiteach trí dhá thogra maoinithe a cheadú faoin Chlár Nuálaíochta Digiteach. Tá an chéad tionscadal deartha chun dul i ngleic leis an droch-chlúdach gutháin i Málainn Bhig in iardheisceart Dhún na nGall, agus tá an tionscadal is déanaí atá á mhaoiniú ag iarraidh líonra "Idirlíon Rudaí" trialach a bhunú a ligfidh don Chomhairle monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil abhann, ar chaighdeán an aeir, ar theochtaí bóthair agus mar sin de, ag baint úsáid as sainbhraiteoirí ar leith.

 

 Deir an Cathaoirleach, an comhairleoir Séamus Ó Domhnaill, "ní féidir go dtarlóidh aon cheann de na tionscadail seo gan leathanbhanda ardluais, agus sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an fhoireann ag SIRO as a n-infheistíocht agus a dtiomantas do Dhún na nGall agus leanfaimid orainn de bheith ag obair leo chun tionscadail fhéideartha a chruthú amach anseo agus muid ag déanamh ár seacht ndícheall lenár bhfís maidir le Dún na nGall Digiteach a chur i bhfeidhm don am atá romhainn".

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO