Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile leabhar agus ealaíne Wainfest

Féile Ealaíon agus Leabhar do Pháistí Dhún na nGall

 

 

Tá an t-am sin den bhliain ann arís i mí Dheireadh Fómhair nuair a dhíríonn Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ar ár léitheoirí óga trí Wainfest, an Fhéile Ealaíon agus Leabhar do Pháistí.  Fógraíodh an clár d'fhéile na bliana seo ar an 1 Deireadh Fómhair i sraith imeachtaí seolta ag an am céanna ar fud an chontae. Bhuail páistí ó Bhealach Féich, Bun Cranncha, Bun Dobhráin, Gaoth Dobhair, agus Leitir Ceanainn lena n-ionadaithe tofa sna leabharlanna áitiúla le clár imeachtaí na bliana seo a nochtadh. 

 

Tá an fhéile ag ceiliúradh cloch mhíle mhór i mbliana fosta de bharr í a bheith ar an fhód ocht mbliana déag.  Leis sin a cheiliúradh tá muid ag reáchtáil cóisirí scéalaíochta don teaghlach ar fad Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair ar 11am sna leabharlanna i mBun Cranncha, Bun Dobhrain, Carn Domhnach, Leitir Ceanainn agus Baile na nGallóglach.  Is é a bheas sna cóisirí ná seisiún scéalaíochta, cluichí agus ceardaíocht bunaithe ar an Scéal Béaloidis Eorpach Hansel agus Gretel.  Agus ní cóisir go bronntanais bheaga i mála!   

 

Do na scoileanna, tá béim ar chlár na bliana seo ar leabhair a fháil ar iasacht, agus beidh seisiúin iasachta leabhar ar siúl le linn na féile. Tá ról tábhachtach ag cothú na léitheoireachta agus forbairt na léitheoireachta sa tseirbhís s'againne.  Mar sin de, tá muid ag spreagadh gach múinteoir agus gach tuismitheoir, chomh maith le páistí, chan amháin freastal ar na himeachtaí iontacha a bheas ar siúl le linn Wainfest ach triail a bhaint as na leabhair ar fad atá ar fáil ar iasacht saor in aisce.   

 

Tá deis ann fosta dearbhán leabhair €50 a bhaint trí chur isteach ar an chomórtas grianghraif ar an téama 'Bí gafa ag léamh'.  Níl le déanamh agat ach d'iontráil a chur trí ríomhphost chuig [email protected] agus cuirfear ainmneacha na ndaoine a roghnófar don bhabhta ceannais ar leathanach facebook na leabharlainne. Fá choinne tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie

 

Beidh Wainfest ar siúl go ceann ocht lá ón Satharn 11 D/Fómh. go dtí an Satharn 18 D/Fómh. i leabharlanna, ionaid Taobh Tíre, an tIonad Cultúrtha Réigiúnach agus Iarsmalann an Chontae. Tá geallta go mbeidh neart spraoi agus cruthaitheachta mar chuid de na himeachtaí, le húdáir, ealaíontóirí, eolaithe agus maisitheoirí ar cinnte go spreagfaidh siad samhlaíocht na bpáistí ar fud an Chontae.   Beidh imeachtaí de chuid an Eoraip go Díreach, le linn an chláir, ag tarraingt aird ar cheisteanna Eorpacha trí roinnt imeachtaí spraíúla idirghníomhacha a sholáthar i gcomhar le cuid de na taibheoirí is mó in Éirinn, ar an stair, ar an scéalaíocht agus ar an cheol. Is féidir an clár imeachtaí a fheiceáil ar www.donegallibrary.ie  nó is féidir bileog a thógáil sa leabharlann áitiúil.  Tá gach imeacht saor in aisce, mar sin de, bígí linn don cheiliúradh agus don chóisir!

Tá Ionad Eolais Dhún na nGall agus Ghaoth Dobhair de chuid An Eoraip go Díreach á chomh-mhaoiniú ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus an tAontas Eorpach.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO