Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile Chadhcála i mBun Cranncha

Cúis áthais d'Uiscí Mhálanna tacú le Féile Chranncha 2014, an ócáid chadhcála is mó in Éirinn

Tá lúcháir ar Uiscí Mhálanna a gcuid tacaíochta a fhógairt don ócáid chadhcála bánuisce is mó in Éirinn, mar atá Féile Chranncha 2014, i mBun Cranncha, Contae Dhún na nGall ar an 18 - 19 Deireadh Fómhair 2014. Seoladh an branda Uiscí Mhálanna mar thoradh ar an togra Seol Siar, togra faoi stiúir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus á mhaoiniú ag an AE, agus a chuireann chun cinn Iarthuaisceart na hÉireann, Tuaisceart Éireann agus Iarthar na hAlban.Dar le Joy Harron, Oifigeach Margaíochta le haghaidh Thogra Seol Siar, "Tá Uiscí Mhálanna ag tacú le Féile Chranncha 2014 de bharr go bhfuil muid tiomanta chun gníomhaíochtaí mara agus cósta a fhorbairt i réigiúin Uiscí Mhálanna, Dún na nGall ina measc. Ba mhaith le hUiscí Mhálanna agus Comhairle Contae Dhún na nGall ádh mór a ghabháil le gach duine a bheas páirteach agus tá muid ag súil agus ag tnúth le neart imeachtaí bliantúla eile de chuid Fhéile Chranncha".

 

 

Cuireann Féile Chranncha go mór le féilire imeachtaí mara Uiscí Mhálanna don bhliain 2014. Tá Uiscí Mhálanna á pháirtmhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí an Aontais Eorpaigh trí Chlár Trasteorann INTERREG IVA arna bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an Aontais Eorpaigh, agus comh-mhaoiniú á sholáthar ag an Roinn Comhshaoil i dTuaisceart Éirinn agus ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i bPoblacht na hÉireann.

 

 

Beidh dhá lá d'aicsean bánuisce ar siúl mar chuid den fhéile iontach seo ar feadh Abhainn na Cranncha, Páirc Swan, Bun Cranncha, Inis Eoghain, Co Dhún na nGall. Tá fáilte roimh gach cumas céaslóireachta a bheith páirteach sna comórtais agus sna seisiúin chóitseála le linn an deireadh seachtaine.

 

 

Tá na cóitseálaithe is fearr in Éirinn ag freastal ar Fhéile Chranncha, ina measc Eoin Rheinisch, a ghlac páirt i dtrí cinn de na Cluichí Oilimpeacha agus a chríochnaigh sa 4ú háit i Slalóm K1 in Beijing, agus Robert Hendrick, a bhuaigh bonn airgid ag Cluichí Oilimpeacha na nÓg in Nanjing ar na mallaibh.

I measc na seisiún cóitseála beidh; Ard-Teicnící, Canúáil Oscailte, Teicnící in Uisce Gluaisteach, Seisiúin Chóitseála fá choinne ban, Croí-Scileanna Bunúsacha, Búfáil agus Titimí, Scileanna dul chun cinn agus Scileanna Dinimiciúla agus Cóitseáil Saorstíle. Beidh trí imeacht úra mar chuid de Fhéile Chranncha i mbliana. An chéad cheann ná Ionsaí Tonnta faoi Sholas na Gealaí, a bheas ar siúl oíche Shathairn. An dara ceann ná Saorstíl Surfála Cadhcála, a bheas ar siúl i mBaile Lifín.

 

 

 

Beidh cóisir bhréigéide iontach ann fosta do Chéaslóirí Boise i dTábhairne an Drift oíche Shathairn, agus neart duaiseanna le buachaint.  I measc na rannóg a bheas i gcomórtais na bliana seo beidh: An Rás le haghaidh Cadhcanna Farraige, Slalóm, An Rás in Uisce Fiáin, Saorstíl, Trasbhádóireacht, Rúid an Dagger agus Oilimpí Mála Boise. Tá táille €40 ar na comórtais do dhaoine fásta agus €30 do dhaoine óga. Tá teorainn leis an líon áiteanna atá ann, agus tá na céadta áirithint faighte ag an lucht eagraithe cheana féin. Beidh an clárú don fhéile ag druidim ar an 12 Deireadh Fómhair, agus is féidir le hiomaitheoirí clárú ar líne ag www.cranafest.ie. Lá iontach don teaghlach í Féile Chranncha, agus beidh an lucht féachana in ann na gníomhaíochta gasta uisce a fheiceáil ar feadh Abhainn na Cranncha. Beidh bia blasta te agus deochanna ar fáil ar an láthair an lá ar fad.

 

 

Ba chóir gach fiosrú ó na meáin chumarsáide, i dtaca le Féile Chranncha, a dhéanamh le hEachtraíochtaí Inise (Just Kayak roimhe seo).

 

Email: [email protected]

Guthán: +353 87 366 6075

Suíomh: www.inishadventures.com

 

Ba chóir gach fiosrú ó na meáin i dtaca le hUiscí Mhálanna a dhéanamh le Joy Harron.

Email: [email protected]  or

Guthán: 0870619360

 

NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ 

Tionscadal Seol Siar

Is togra turasóireachta mara é an Togra Seol Siar, arb é is cuspóir leis an turasóireacht chósta agus mara a chur chun i réigiúin pháirtnéireachta Iarthuaisceart Éireann, Tuaisceart Éireann agus in Iarthar na hAlban.

 

Is iad cuspóirí Seol Siar an Togra ná:

 

Straitéis chomhtháite forbraíochta mara a sholáthar don Iarthuairsceart, a nascann na contaetha mara in Iarthuaisceart na hÉireann, Tuaisceart Éireann agus cósta thiar na hAlban.Nuálaíocht a sholáthar i dtaca le táirgí úra agus seirbhísí úra a fhorbairt.Le heolas agus dea-chleachtais a roinnt idir pháirtnéirí.Le forbairt inbhuanaithe turasóireachta, fostaíocht agus athbheochan pobal mara a chur chun cinn.Lena chinntiú go bhfuil na dea-chleachtais timpeallachta agus na tionchair a d'fhéadfadh an t-athrú aeráide domhanda a dhéanamh, go bhfuil sin curtha san áireamh in aon fhorbairt úr.Leis an eiceathurasóireacht a spreagadh.

FCSAE

 

Is Foras Feidhmiúcháin Thuaidh/Theas é Foras Chláir Speisialta an AE, atá á urrú ag an Roinn Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann agus an Roinn Airgeadais in Éirinn. Tá sé freagrach as dhá Chlár cistí struchtúracha AE a bhainistiú, mar atá SÍOCHÁIN III agus INTERREG IV, atá dírithe ar chomhoibriú trasteorann a fheabhsú, an t-athmhuintearas a chothú agus sochaí níos síochánta agus níos rathúla a chruthú. Feidhmíonn na Cláracha laistigh de limistéar atá sainnithe go soiléir, ar a n-áirítear Tuaisceart Éireann, Réigiún Teorann na hÉireann agus Iarthar na hAlban.Fá choinne tuilleadh eolais ar an FCSAE tabhair cuairt ar www.seupb.eu  

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO