Feachtas Eolais do Thiománaithe de chuid na Comhairle á sheoladh ag an Phríomh-Fheidhmeannach Séamus Ó Conghaola, An Cathaoirleach An Clr. Toirealach Ó Sluaigh, Stiúrthóir Seirbhise John McLaughlin agus Feisteoir Andrew Walsh.
Nuair a fhágtar inneall ‘ar réchasadh’ (ar obair ach gan bogadh), cuirtear breosla amú, agus ní théitear áit ar bith...
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh feachtas a sheoladh le haird a gcuid tiománaithe a dhíriú ar dhóigh eile le fuinneamh a shábháil agus iad ag tiomáint don Chomhairle Contae.
Tá an feachtas seo á sheoladh mar chuid d’iarrachtaí na Comhairle fuinneamh a shábháil faoin chóras creidiúnaithe um bainistiú fuinnimh ISO 50001.
“Ba mhaith linn, mar chuid den Pholasaí Fuinnimh s’againn, feabhsúcháin de thart fá 33% a dhéanamh ó thaobh úsáid fuinnimh de” arsa an Stiúrthóir Seirbhíse, John McLaughlin.
Tá thart fá 200 feithicil ag an Chomhairle agus úsáideann siad sin cuid mhór fuinnimh. Tá an Chomhairle ag obair i gcomhpháirt lena baill foirne chun feasacht a ardú (eolas a scaipeadh) faoi éifeachtúlacht fuinnimh. Agus aithnítear gur féidir linn fuinneamh a shábháil ach gan innill a fhágáil ar réchasadh nuair nach gá.
Ó am go chéile, bíonn ar thiománaithe a gcuid inneall a fhágáil ar réchasadh má bhíonn siad i scuaine tráchta, ach go minic fágtar innill ag gabháil i gcomhthéacsanna nuair nach bhfuil gá leis. Is féidir le tiománaithe an nós seo a bhriseadh, go háirithe nuair a thuigeann siad an dochar a dhéanann sé don timpeallacht.
Nuair a bhíonn inneall ar réchasadh sceitear truailleáin amach san aer, truailleáin a bhfuil baint acu le plúchadh agus galair eile na scámhóg, ailléirgí, galar croí, baol ionfhabhtaithe, áilse agus fadhbanna eile sláinte.
Agus ar ndóigh, tá an dé-ocsaíd charbóin i measc na ngás a sceitear ó inneall atá ar obair, an gás ceaptha teasa is mó is cúis le hathrú aeráide.
“Tá muid ag iarraidh feasacht a ardú (eolas a scaipeadh) i measc ár gcuid tiománaithe faoin dochar a dhéanann inneall ar réchasadh, nuair nach gá, agus tá muid ag iarraidh orthu gan a gcuid feithiclí a fhágáil ag gabháil nuair nach gá, chan amháin ar mhaithe le fuinneamh a shábháil ach leis an dochar a sheachaint fosta,’ arsa John McLaughlin.
Tá bileog eolais agus póstaer simplí cur le chéile le teachtaireacht shimplí ‘Múch é’ mar chuid den fheachtas seo, agus tá sé i gceist sraith cainteanna a reáchtáil in achan ionad oibre ábhartha de chuid na Comhairle ar fud an chontae leis an teachtaireacht a chur ina luí ar oibrithe na Comhairle.
Dóigheanna le réchasadh gan ghá a sheachaint
Múch an t-inneall má tá tú ag fanacht níos faide ná deich soicind (ach amháin má tá tú i scuaine tráchta). D’ainneoin a gcreideann an pobal i gcoitinne, ní dhóightear níos mó fuinnimh nuair a dhúisítear carr ná mar a dhóightear nuair a fhágtar ar réchasadh é. Déanta na fírinne, cuirtear amú níos mó fuinnimh i ndiaidh 10 soicind de réchasadh ná mar a tharlaíonn nuair a adúisítear an t-inneall.
Téigh an t-inneall trí é a thiomáint, chan trí é a choinneáil ar réchasadh. Is é an dóigh is fearr leis an inneall a théamh ná toiseacht amach go mall seachas a bheith ag reibheáil an innill. I ndiaidh cúpla soicind tá d’fheithicil sábháilte le tiomáint. Téitear an t-inneall níos gaiste tríd an tiomáint.
Téigh suas an taobh istigh den fheithicil tríd an tiomáint, seachas tríd an réchasadh. Nuair a bhíonn tú i do shuí i gcarr atá ar réchasadh, bíonn tú ag análú isteach níos mó den sceitheamh salach a shileann isteach sa charr. Cibé teas a fhaigheann tú ó théitheoir an chairr, ní fiú é i gcomparáid leis an dochar a dhéantar do do shláinte.
Tá an réchasadh níos crua ar an inneall ná an atoiseacht / adúiseacht. Níl de chostas ar atoiseacht rialta ach thart fá €10 sa bhliain ó thaobh caitheamh agus cuimilt de, ach tá costais níos airde ag baint leis an réchasadh de bharr an dochar a dhéantar don inneall.
Úsáidtear an méid céanna breosla i ndiaidh dhá bhomaite de réchasadh agus a úsáidtear trí bheith ag tiomáint 1.6km. Mar sin de, tá an teachtaireacht iontach simplí – cuireann an réchasadh breosla amú agus ní théann tú áit ar bith!