Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fás straitéiseach san Iarthuaisceart

Tosaíochtaí fáis an Iarthuaiscirt ar an ábhar is mó ar chlár cruinnithe

NWSG

 Oifigigh Shinsearacha i Rialtas na hÉireann agus Thuaisceart Éireann ag freastal ar chruinniú de chuid Chomhpháirtíocht Fáis Straitéisigh an Iarthuaiscirt i Leitir Ceanainn inniu (Déardaoin 28 Meitheamh 2018).  Sa ghrianghraf tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr. John Boyle, Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar Ghrúpa Forbartha Réigiúnach an Iarthuaiscirt, an Clr Bernard McGuinness agus an Clr Gus Hastings, agus Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall Séamus Neely agus Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin John Kelpie.

 

Bhí tosaíochtaí straitéiseacha chun fás agus rathúlacht a spreagadh i Réigiún an Iarthuaiscirt mar phríomh-ábhar plé ar chlár an chruinnithe inniu idir oifigigh shinsearacha ó Ranna Rialtais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. 

 

 

Bhí cruinniú inniu ag Comhpháirtíocht Fáis Straitéisigh an Iarthuaiscirt, atá faoi chomh-cheannasaíocht ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, sa Co-Lab i Leitir Ceanainn agus ba iad na príomhcheisteanna straitéiseacha a bhaineann le réigiún an iarthuaiscirt a bhí ag croílár an phlé.

 

 

Thug ionadaithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cuntas ar Phlean Forbartha Náisiúnta na hÉireann agus na féidearthachtaí a bhí ann don réigiún, agus tugadh eolas agus sonraí fosta maidir le Port an Fheabhail mar phríomh-chrann taca le haghaidh fás réigiúnach.

 

 

Tugadh achoimre ar an chomhoibriú leanúnach straitéiseach atá ar bun ag Institiúidí Ardoideachais agus Breisoideachais san Iarthuaisceart, amhail Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Ollscoil Uladh, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, agus Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, agus bhí díospóireacht oscailte ar fhostaíocht, ar oideachas agus ar bhonneagar i gcomhthéacs na dtosaíochtaí atá ann le himpleachtaí an Bhreatimeachta a mhaolú do Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt.

 

 

Agus iad ag déanamh cur i láthair le chéile don chruinniú, thug Príomh-Fheidhmeannaigh Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Chomhairle Chathair Dhoire  agus Cheantar an tSratha Báin, Séamus Neely agus John Kelpie, tuairisc agus léargas ginearálta ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le tosaíochtaí fáis an réigiúin, agus rinne siad tagairt ar leith do ról Leiti r Ceanainn mar  lárionad réigiúnach le haghaidh fáis agus don aitheantas atá faighte ag Réigiún Cathrach Leitir Ceanainn, Dhoire agus an tSratha Báin i gCreatlach Pleanála Náisiúnta Rialtas na hÉireann.   Luaigh an bheirt Phríomh-Fheidhmeannach an tábhacht atá leis seo ó thaobh gealltanas soiléir an rialtais a léiriú maidir lena chuid polasaithe, pleananna agus tosaíochtaí a chomhshnaidhmeadh leo siúd atá ag an dá Chomhairle agus ag Réigiún an Iarthuaiscirt.

 

 

Agus é ag caint i ndiaidh an chruinnithe d’fháiltigh Cathaorleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Séamus Ó Domhnaill roimh an choimitmint leanúnach agus roimh an fhuinneamh leanúnach ó oifigigh shinsearacha rialtais ar an chur chuige comhoibritheach seo, agus dúirt sé “go bhfuil stair fhada de cheangail trasteorann agus de chomhoibriú trasteorann sa réigiún seo, agus go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbíonn an fócas straitéiseach comhoibritheach seo againn ag leibhéal an rialtais láir, ag obair i gcomhpháirt le páirtithe leasmhara go háitiúil ag díriú ar an dóigh is fearr le tacú lenár dtosaíochtaí, má tá muid leis na féidearthachtaí atá ann don réigiún iomlán seo a bhaint amach.”

 

 

Creideann Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, An Clr. John Boyle, go bhfuil an comhoibriú úr réigiúnach seo ag dul chun sochair Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt agus dúirt sé go bhfuil muid “ag obair le folláine fhadtéarma  eacnamaíochta an réigiúin seo a shlánú agus creidim go bhfuil  muid breá ábalta agus go bhfuil na socruithe riachtanacha oibre i bhfeidhm againn chun cuidiú linn dul i ngleic go dearfach le deiseanna amach anseo.”

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO