Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fáilte ar ais roimh Mhéara Bhostúin

Fáilte ar ais roimh Mhéara Bhostúin

Fáilte roimh Mhéara Bhostúin ar ais go Dún na nGall inniu

 

Fáilteoidh Comhairle Contae Dhún na nGall roimh Mhéara Bhostúin ar ais go Contae Dhún na nGall ag searmanas fáiltithe in Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn.

 

Agus é ag caint roimh an chuairt seo mar a labhair Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall "Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Mhéara Bhostúin, Marty Walsh, ar ais go Contae Dhún na nGall.  Tá a fhios agam go bhfuil an-tacaíocht tugtha ag Méara Walsh do Chontae Dhún na nGall i Massachusetts agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le buíochas a ghabháil leis as an tacaíocht sin uilig agus as an chuidiú agus tá muid ag súil le bheith ag tógáil ar na nascálacha láidre agus na ceangail láidre le Bostún aghus Stát Massachusetts".

 

Agus ar seisean "Tá an-dáimh ag muintir Dhún na nGall le Bostún mar áit ar shocraigh go leor glúnta Éireannacha ann le blianta fada".  Is onóir mhór dom fáilte a chur roimh Mhéara Bhostúin go Dún na nGall inniu". 

 

Is í seo an chéad chuairt atá tugtha ag Méara Walsh ar Éirinn ó toghadh é ina Mhéara ar Bhostún.

 

Tá Méara Walsh ar thuras deich lae in Éirinn, agus caithfidh sé cúpla lá i gceantar dúchais a mhuintire féin i gConamara chomh maith le cuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath, Dún na nGall, Doire, Cnoc Mhuire, Cathair na Gaillimhe agus Béal Feirste.

 

Tá Méara Walsh, a bhfuil comh-shaoránacht Éireannach agus Mheiriceánach aige, agus fear a d'fhás sé aníos i dteach i mBostún inar labhraíodh an Ghaeilge go laethúil, tá sé i ndiaidh roinnt cuairteanna a thabhairt ar Éirinn le cúpla bliain anuas agus is í seo an chéad chuairt atá tugtha aige ar an tír ó toghadh é ina Mhéara i mí na Samhna seo chuaigh thart.

I ndiaidh an fháiltithe, tá sé de rún ag an Mhéara Walsh cuairt a thabhairt ar an tSaotharlann agus ar Pháirc Eolaíochta an Iarthuaiscirt ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

 

CRÍOCH

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO