Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Eolas ar Stoirm Ophelia

Eolas ar Stoirm Ophelia

 

Tá Rabhadh Gaoithe - Stádas Dearg eisithe ag Met Éireann don tír ar fad.

 

Ciallaíonn sé seo go bhfuil seans an-mhaith ann go mbeidh gaoth an-mhór, rabhartaí farraige fán chósta agus fearthainn throm, agus d’fhéadfadh beatha daoine a bheith i mbaol dá bharr seo agus d’fhéadfaí go ndéanfaí scrios suntasach sna ceantracha is mó a bheas thíos leis.

 

Príomhtheachtaireachtaí Sábháilteachta agus Eolais don Phobal

  • Ba chóir gach taisteal neamhriachtanach a sheachaint Dé Luain, fad agus a bheas an stoirm ag dul tharainn.

 

  • Ná taisteal i gceantracha ina bhfuil rabhadh dearg i bhfeidhm le linn lár na stoirme ach amháin má bhíonn géarghá leis, agus bí an-chúramach má tá tú ag taisteal in aon cheantar eile. Éist le craoltaí áitiúla agus náisiúnta ar na meáin i dtaca leis an aimsir faoi láthair. 

 

  • Táthar ag tuar go mbeidh lán farraige ann, agus moltar don phobal fanacht ar shiúl ó cheantracha cósta le linn na treimhse seo.

 

  • Táthar ag dréim le gaotha iontach láidir, rud a chiallaíonn go mbeidh na coinníollacha tiomána iontach contúirteach, go háirithe d’úsáideoirí bóthair níos leochailí e.g., rothaithe, siúlóirí, gluaisrothaithe agus feithiclí ardtaobhacha. Ba chóir d’úsáideoirí bóthair aire ar leith a thabhairt don chontúirt a bhaineann le crainn atá tite agus smionagar san aer.

 

  • De bharr na haimsire a bhfuiltear ag dréim léi, ba chóir go mbeidh an lá amárach ina lá gan rothar.
  • Tá seans maith ann go mbeidh bristeacha cumhachta ann in áiteanna ar fud na tíre, agus pleanáil fána choinne sin ar bun ag an BSL.  Tá an BSL ag comhairliú don phobal fanacht amach ó shreanga atá tite agus a d’fhéadfadh a bheith briste de bharr na gaoithe móire. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandala an BSL ar 1850 372999.

 

  • Ní bheidh seirbhísí iompair bus Bhus Éireann ag oibriú i gcontaetha ina bhfuil rabhadh dearg i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil dualgas orainn cúram a thabhairt do pháistí, agus aon chontúirt a bhaineann le taisteal a sheachaint, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag moladh do scoileanna déanamh de réir chomhairle na Roinne agus fanacht druidte. Ba chóir do naíolanna agus áiseanna Montessori fanacht druidte amárach fosta.

 

  • Iarrtar ar dhaoine seiceáil isteach ar chomharsana leochaileacha agus imeallaithe inniu sula dtiocfaidh na coinníollacha aimsire is measa agus arís i diaidh don drochaimsir dul tharainn.

 

  • Moltar do dhaoine troscán gairdín, boscaí bruscair agus rudaí scaoilte thart fá fhoirgnimh a bhogadh ar shiúl, mar is féidir go gcuirfear ar eitilt fríd an aer iad leis an ghaoth.   

 

 

Uimhreacha úsáideacha teagmhála:

 

Seirbhísí Dóiteáin agus seirbhísí éigeandála eile – 999 or 112

 

BSL – 1850 372999.

 

Uisce Éireann– 1850 278 278

 

Comhairle Contae Dhún na nGall- 074 91 53900 go dtí 5pm, and  074 91 72288 i ndiaidh 5pm

 

Fá choinne tuilleadh eolais seiceáil tuar na haimsire ag Met Éireann agus bí ag cloí le gach rabhadh sábháilteachta.

 

Is féidir leat coinneáil suas chun dáta trí muid a leanúint ar Facebook nó ar Twitter @DonegalCouncil #StormOphelia.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO