Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Éifeachtúlacht Fuinnimh

Éifeachtúlacht níos fearr fuinnimh á ceiliúradh ag pobail Dhún na nGall

Carnone

I láthair ag ócáid i Halla Eaglaise Carnone maidir le Clár Pobail SEAI 2018 le haghaidh Fuinneamh Níos Fearr i nDún na nGall tá, ó chlé chun tosaigh, Alex Buchanan, Halla Carnone, Harry Wallace, Halla Carnone, Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Patrick McGowan, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Shrath an Urláir, Joe Peoples, Comhairle Contae Dhún na nGall, Anna Slevin, Gasóga Shrath an Urláir agus Bobby Slevin, Halla Carnone. Ar chúl ó chlé tá Paddy Mullen, Comhairle Contae Dhún na nGall, John Patterson, Halla Carnone, Eugene McHugh, Capry Rovers, Garry Gallen, Gallen Insulation, Judith McCarthy, Músaem Contae Dhún na nGall, Cronan Scanlon, Fiontraíocht na gCroisbhealaí agus Chúil na gCuirridín, Neill Martin, Ionad Fóillíochta Ghleannán na Finne,  Bartley McGlynn, Ionad Fóillíochta Ghleannán na Finne,  Liam Carron, ITLC, Patrica Patton BOO Dhún na nGall agus Paddy Kelly, BOO Dhún na nGall. Grianghraf le Clive Wasson

Chruinnigh coistí pobail ó achan chearn de Dhún na nGall le chéile i Halla Eaglaise Carnone maidin Dé Céadaoin seo caite, i gcomhar le hionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chun ceiliúradh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Chlár Pobail SEAI 2018 le haghaidh Fuinneamh Níos Fearr sa chontae.

In 2018, rinne sé cinn de ghrúpaí pobail, chomh maith le roinnt foirgneamh de chuid na seirbhíse poiblí, feabhsúcháin i dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh, a raibh beagán níos mó ná luach €330,000 leo. Lena chois sin, d’éirigh leo deontais 38% a fháil ó Chlár Pobail SEAI le haghaidh Fuinneamh Níos Fearr chun réimse oibreacha a dhéanamh, a raibh ina measc feabhsú soilse, fuinneoga úra, feabhsúcháin inslithe agus feabhsúcháin choire.

Agus é ag caint ag an ócáid is é a dúirt Séamus Neely, An Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Is é an t-athrú aeráide an bhagairt is mó atá sa domhan inniu, agus tá guth againn uilig maidir le cén cur chuige a bheas againn i dtaca le húsáid fuinnimh san am atá romhainn, agus tá freagracht orainn ar fad beart a dhéanamh de réir briathair. Tá sé i ndiaidh éirí níos soiléire le roinnt seachtainí anuas go gcaithfidh muid uilig gníomhú anois má tá muid chun ár gcuid spriocanna fuinnimh a bhaint amach. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh an pobal gníomhach sa ghluaiseacht seo agus tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith bainteach leis an ghluaiseacht phobail seo tríd na deontais seo.”

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a chomhordaigh an próiseas chun iarratais ar dheontais a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil, ag cuidiú le grúpaí pobail a raibh fonn orthu a gcuid áiseanna a fheabhsú i dtaca le héifeachtúlacht fuinnimh de, chomh maith le foirgnimh phoiblí ar nós Mhúsaem Contae Dhún na nGall, na hIonaid Seirbhísí Poiblí, An Lárleabharlann, Príomh-Oifig BOO Dhún na nGall i Leitir Ceanainn agus an Co-Lab in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

Carnone 1

I láthair ag ócáid i Halla Eaglaise Carnone maidir le Clár Pobail SEAI 2018 le haghaidh Fuinneamh Níos Fearr i nDún na nGall tá, ó chlé, Patricia Patton BOO Dhún na nGall, Eugene McHugh, Capry Rovers, Neill Martin, Ionad Fóillíochta Ghleannán na Finne, Cronan Scanlon, Fiontraíocht na gCroisbhealaí agus Chúil na gCuirridín, An Clr. Patrick McGowan, Cathaoirleacht ar Cheantar Bardais Shrath an Urláir, Seamus Neely, An Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, Alex Buchanan, Halla Carnone, Paddy Mullen, Comhairle Contae Dhún na nGall, Anna Slevin, Gasóga Shrath an Urláir, Judith McCarthy, Músaem Contae Dhún na nGall, Liam Carron, ITLC agus Paddy Kelly, BOO Dhún na nGall. Grianghraf le Clive Wasson

Bhí na grúpaí seo a leanas páirteach sa chlár – Ionad Gasóige Shrath an Urláir, Ionad Fóillíochta Ghleannán na Finne, Ionad CAKE Chúil na gCuirridín, Bluestack Boutique an Fháil Charraigh, Pobal Eascarragh An Fháil Charraigh, Cumann Sacair Capry Rovers agus Halla Eaglaise Carnone.

Labhair an Clr Patrick McGowan, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Shrath an Urláir, ag an ócáid chomh maith, agus thréaslaigh sé leis na grúpaí ar fad a ghlac páirt sa chlár agus dúirt chan amháin go mbeidh feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh de bharr na scéime ach go sábhálfaidh siad airgead sna costais reatha ó lá go lá fosta agus gur rud fíorthábhachtach é sin d’aon ghrúpa pobail nó d’aon ghrúpa deonach.

Mhínigh Paddy Mullen ó Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil an obair seo uilig mar chuid de thiomantas na Comhairle i dtaca le feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh agus dúirt sé: “D’éirigh lenár gCóras um Bainistiú Fuinnimh a chreidiúint ISO 50001 a choinneáil i ndiaidh do Chreidiúnú na hEorpa scrúdú neamhspleách a dhéanamh, agus tá muid tiomanta chun ár bpáirt a dhéanamh éifeachtúlacht níos fearr fuinnimh a chur chun cinn i nDún na nGall.” Ghabh sé a bhuíochas fosta le REIL/Enprova, páirtnéir Creidiúintí Fuinnimh na Comhairle, as a gcuid tacaíochta leis an phróiseas.

Agus dúirt sé leis: “ba mhaith linn cluinstin ó ghrúpaí eile ar fud Dhún na nGall a bhfuil suim acu a bheith páirteach sa chlár seo in 2019, agus d’iarrfainn orthu dul i dteagmháil leis an Chomhairle trí ríomhphost ag [email protected] nó trí scairt ghutháin ar 074 91 53900”.  Fá choinne tuilleadh eolais ar Chlár Pobail SEAI le haghaidh Fuinneamh Níos Fearr gabh chuig www.seai.ie/grants/community-grants/

Éifeachtúlacht níos fearr fuinnimh á céiliúradh I nDún na nGall

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO