Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Droichead úr Dhún na nGall

Droichead úr foscailte go hoifigiúil i mBaile Dhún na nGall

Tirconail bridge

Oscailt oifigiúil Dhroichead úrThír Chonaill i mBaile Dhún na nGall le Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall An Clr. Séamus Ó Domhnaill agus Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall an Clr. Micheal Naughton maidin Dé Máirt le baill tofa, Séamus Mac Conghaola, Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, baill foirne Chomhairle Contae Dhún na nGall agus baill den phobal áitiúil.

 

 

Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Séamus Ó Domhnaill, agus Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall, an Clr. Michael Naughton, Droichead úr Thír Chonaill, ar fiú €1m é, a oscailt go hoifigiúil inniu.  

 

Tá an droichead íocónach seo, a dtugtar an droichead iarainn agus an droichead glas air i measc bhunadh na háite, i ndiaidh a bheith atógtha go paiteanta le gnéithe den struchtúr atá ann cheana athchóirithe agus iad measctha isteach leis an struchtúr úr chun macasamhail cheart den droichead iarainn a chruthú ach atá ag fóirstean do riachtanais lucht úsáidte bóthair sa lá atá inniu ann.  

 

Ba é an conraitheoir W.J. Glen C.E as Srath an Urláir a thóg an chéad leagan den droichead seo in 1895 ar chostas £1,600, agus tá an droichead liostaithe ar an Fhardal Náisiúnta d’Oidhreacht Ailtireachta.   This four-span road bridge over River Eske and the New Row Road was built as part of the infrastructure for the narrow guage rail network that made up the County Donegal Railway to transport goods from the local harbour to the County Donegal Railways rail station.

 

Tá áit thábhachtach ag an droichead seo i stair fhisiciúil Bhaile Dhún na nGall, é suite idir an caisleán agus eaglais de chuid Eaglais na hÉireann. Rinneadh gach iarracht struchtúr atá báúil don seandroichead a thógáil, ach freastal ar riachtanais an lae inniu san am céanna, ina measc an lód a thig leis an droichead a iompar, naisc fá choinne siúlóirí, agus cothabháil phraiticiúil an droichid san am atá amach romhainn.

 

Ghabh an Clr. Micheal Naughton a bhuíochas leis an fhoireann a dhear agus a thóg an togra seo, ina measc oibrithe de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall agus oibrithe le Roghan O Donovan agus an conraitheoir L&M Keating.

 

Thug Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall aitheantas agus buíochas don chuidiú agus don tacaíocht a fuarthas ó eagraíochtaí éagsúla ar nós BSL, Openeir agus ENET chomh maith le hIascaigh Intíre agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. 

 

Le linn na tógála thángthas ar iarsmaí stairiúla laistigh den struchtúr, ina measc roinnt seanuirlisí ón tseanam, agus tá siad seo bronnta ar Mhúsaem Contae Dhún na nGall.  

 

 Tirconail bridge 1

Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Séamus Ó Domhnaill, agus Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall, an Clr. Micheal Naughton, ag nochtadh plaice ar Dhroichead úr Thír Chonaill i mBaile Dhún na nGall Dé Máirt, i gcuideachta an Cllr. Barry O’Neill, Cllr. Tom Conaghan, Cllr. Noel Jordan, Seamus Neely, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Cllr. Niamh Kennedy agus Pauric Kennedy, Méara Bhaile Dhún na nGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO