Tá sé beartaithe ag Ceathrú Ardeaglaise Leitir Ceanainn dráma a chur ar siúl faoi Aimsir na bPéindlíthe i nDún na nGall mar chuid den Fhéile Phan-Cheilteach.
Is iad Joe Dowling agus Donnan Harvey a scríobh an dráma dhátheangach seo agus beidh sé curtha i láthair ag an ghrúpa Elusive Players. Léireoidh an dráma seo an dóigh ar choinnigh na húdaráis na Caitlicigh agus na Preispitéirigh faoi chois maidir le saoirse creidimh faoi Dhlíthe na bPéindlíthe.
Beidh an dráma a stiúradh ag Joe Dowling agus dhéanfaidh Derek Carden an tráchtaireacht. Is iad seo a leanas foireann aisteoirí an dráma:
Sean Purser, Mark Lowry Connolly, Daniel Gibbons, Zach Wasson, Muireann Mic Aodh, Mary Green agus Aidan Mullan agus Freddie McGettigan a chuirfidh an ceol ar fáil. Buíochas le Muireann MicAodh agus Mark Lowry Connolly a rinne an obair aistriúcháin.
.
Cuirfear an dráma ar siúl ag Sentry Hill ar an Satharn, 23 Aibreán 2019 ag 12.00 meán lae. Dé réir seanchais na háite, ba ghnách le fairtheoir a bheith anseo fad is a bhí an tAifreann á cheiliúradh ag Roger’s Burn in aice láimhe anseo i nGleann Chartha.
Bhí cosc iomlán ar cheiliúradh an Aifrinn agus má bheirtí ar éinne ag sárú an dlí, d’íoc siad go daor as.
Cuireann Ceathrú Ardeaglaise Leitir Ceanainn fáilte mhór chroíúil roimh chuairteoirí ó gach chearn den tír chomh maith le cuairteoirí ó na náisiúin Cheilteacha eile – An Bhriotáin, Corn na Breataine, Oileán Mhanann, Albain agus An Bhreatain Bheag.
Scoil Scairte