Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Doiciméid Choláiste Uladh

Doiciméid stairiúla ó Choláiste Uladh bronnta ar an tSeirbhís Cartlainne

Coláiste Uladh

Cuireadh ar chárta chuig oscailt an fhoirgnimh úir ag Coláiste Uladh, sínithe ag an Uachtarán de Valera é féin, chuig Bean Bhreandán Mhic Cnaimhsí, agus litir sínithe ag Éamon de Valera, Uachtarán na hÉirann, chuig Breandán Uasal Mac Cnáimhsí, Uachtarán Choláiste Uladh, den dáta 24 Iúil1968

 

Doiciméid stairiúla maidir le Coláiste Uladh, agus iad sínithe ag Éamon de Valera in 1968, bronnta ar Chartlann Chontae Dhún na nGall.

 

Tá lúcháir ar Chartlann Chontae Dhún na nGall ceithre dhoiciméad stairiúla a fháil maidir le hoscailt an fhoirgnimh úir do Choláiste Uladh, Gort an Choirce, ar an 21 Iúil 1968, go díreach caoga bliain ó shin an mhí seo.

 

Is é an píosa is tábhachtaí ná litir dhea-chaomhnaithe sínithe ag  Éamon de Valera, Uachtarán na hÉireann, chuig Breandán Uasal Mac Cnáimhsí, Uachtarán Choláiste Uladh, den dáta 24 Iúil 1968, ag gabháil buíochais leis agus lena fhoireann as an fháilte a cuireadh roimhe agus as gcineáltas dó nuair a osclaíodh an foirgneamh úr don Choláiste, ina bhfuil an méid seo scríofa i nGaeilge:

 

'Bhain mé an-taitneamh as imeachtaí an lae agus ba mhór an sásamh agus an dóchas a thug mé liom óna raibh ar siúl agaibh.'

 

San áireamh fosta tá bunchóip de chuireadh ar chárta, sínithe ag an Uachtarán de Valera é féin, chuig Bean Bhreandán Mhic Cnáimhsí, ina bhfuil sonraí faoi imeachtaí an lae, ina measc Aifreann agus Beannachtaí ó Easpaig Ráth Bhoth, An Dr. Mac Ficheallaigh agus an Oscailt Oifigiúil leis an Aire Gaeltachta, Pádraig Ó Fachtna.

 

Tá biachlár ann fosta don dinnéar a bhí ar fáil ar an lá, agus liosta de na sláintí.

 

Is leaganacha bunaidh gach doiciméad thuas agus iad sínithe ag an Uachtarán De Valera.

 

Tá caomhnú déanta fosta ar an chlúdach ón Uachtarán chuig Breandán Uasal Mac Cnáimhsí.

 

Is é muintir Bheandáin Mhic Cnáimhsí a thug an bailiúchán seo go fial flaithiúil, agus tá muidne i gCartlann Chontae Dhún na nGall fíorbhuíoch le iad a fháil. Rinneadh na doiciméid a scanadh agus a liostú, cuireadh iad ar bhunachar sonraí Chartlann an Chontae agus tá siad le feiceáil ar líne agus trí choinne a dhéanamh roimh ré i Seomra Taighde na Cartlainne i Leifear.

 

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Niamh Brennan, Cartlannaí,
An tSeirbhís Cartlainne, Comhairle Contae Dhún na nGall,
Ionad na dTrí Abhainn, Leifear,
Contae Dhún na nGall
Guthán: +353 74 9172490; R-Phost: [email protected] 
Suíomh: http://www.donegalcoco.ie/culture/archives/ ; www.facebook.com/DonegalCountyArchives

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO