Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Dochar na dtuilte

An scéal is déanaí i dtaca le dochar na dtuilte

Map of road incidents Floods

Achoimre ar fhadhbanna a aithníodh ar ghréasán bóithre Inis Eoghain i ndiaidh na dtuilte an tseachtain soe caite

 

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag leanúint de bheith ag tacú agus ag cuidiú leo siúd atá thíos mar gheall ar na drochthuilte an tseachtain seo caite.

 

Cóiríocht Éigeandála

 

Go dtí seo, tá 47 teaghlagh cláraithe le Comhairle Contae Dhún na nGall mar theaghlaigh atá gan dídean de bharr na dtuilte an tseachtain seo caite, ina measc 21 teaghlach i mBun na hAbhann, 14 i mBun Cranncha agus an chuid eile i gCarn Domhnach, Magh, Cluain Maine agus Málainn.

 

Tá an Chomhairle ag obair go dlúth le gach teaghlach cás ar chás lena oibriú amach cád é an cuidiú atá de dhíth i ndiaidh na tréimhse éigeandála agus is dócha nach mbeidh roinnt teaghlach in ann pilleadh ar a gcuid tithe féin go ceann tamall maith.  Tá cóiríocht shealadach ar bhonn níos fadtéarmaí á tairiscint do roinnt teaghlach agus cuirfear níos mó cóiríochta ar fáil sna seachtainí amach romhainn.

 

Tacaíochtaí Glantacháin

 

Tá an Chomhairle ag comhordú na tacaíochta atá á cur ar fáil ag an Arm Cosanta i roinnt eastáit tithíochta phríobháideacha agus i gceantracha eile ina bhfuil deacrachtaí.  Tá cuidiú curtha ar fáil i bPáirc an Ghrianáin agus i Lios na Gréine i mBun na hAbhann, in eastáit Chois na hAbhann agus Pháirc na Leamhán i mBun Cranncha agus in eastáit tithíochta agus i gceantracha eile i gCluain Maine agus i gCarn Domhnach.  

 

Cuireadh scipeanna agus díthaisirí ar fáil do thithe agus do ghnólachtaí beaga agus go dtí seo tá 65 teacht agus gnólacht i ndiaidh glacadh le scipeanna agus tá 50 díthaisire curtha ar fáil.

 

Uasdátú agus Measúnú Bóithre

 

• R238 Na Trí Chrann - droichead úr á thógáil ach bóthar oscailte le lána singil tráchta agus soilse ar obair

• R244-7 Gleann Aola go Carn Domhnach - druidte de bharr tóchar tite ach le bheith oscailte arís ar 6pm tráthnóna inniu.

• R244 Creag na hEorna - stua cloiche tite agus ní féidir seo a oscailt go luath.  Tá malairtí slí i bhfeidhm go háitiúil

• R244 Cois na hAbhann - struchtúr coincréite tite agus ní féidir seo a oscailt go luath. Tá malairtí slí i bhfeidhm go háitiúil

• R238 Gortaran – Oscailte

• R238 Cnoc an Choiligh– Oscailte

 

Tá Seirbhís Bóithre na Comhairle ag déanamh measúnú i rith an ama ar thionchar na dtuilte ar an 1,500km de ghréasán bóthair in Inis Eoghain.  Tá 80% den suirbhé seo déanta agus táthar ag dréim go mbeidh meastachán garbh ar chostas na ndeisiúchán faoi dheireadh na seachtaine.  

 

Tá dochar mór déanta don ghréasán bóthair agus go dtí seo tá 300 fadhb/ceist aitheanta, ó dhamáiste suntasach struchtúrtha ar dhroichid ar bhóithre straitéiseacha réigiúnacha go dtí codanna de bhóithre tuaithe a bheith sciobtha ar shiúl.  Is í an chéad chéim eile ná réitigh a chostasú agus a dhearadh don dochar atá aitheanta agus tá an obair seo ar siúl i gcomhar le foireann deartha bóithre na Comhairle. 

 

Scéim Tacaíochta Daonnachta Chros Dhearg na hÉireann

 

Táthar ag dréim go mbeidh sonraí ar fáil sna laethanta amach romhainn faoin chuidiú a bheas ar fáil do ghnólachtaí beaga, agus do ghrúpaí pobail, deonacha agus spóirt, faoi Scéim Tacaíochta Daonnachta Chros Dhearg na hÉireann.

 

Gabhann Séamas Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall aitheantas agus buíochas as an tacaíocht atá faighte ag an Chomhairle ón Rialtas, ó áisíneachtaí agus ó phobail agus muid ag dul i ngleic leis an mhór-thubaiste tuilte seo.  “Tá comhoibriú agus tacaíocht den chéad scoth faighte againn.  Bhí Ranna Rialtais agus áisíneachtaí eile thar barr ó thaobh tacaíocht agus cuidiú a chur ar fáil.  Ba mhaith liom fosta moladh a thabhairt i dtaca le dea-chroí an phobail in Inis Eoghain agus ar fud Dhún na nGall le roinnt laethanta anuas.  Ba mhaith liom chomh maith aitheantas a thabhairt dá mbaill foirne féin as a ndúthracht agus as a n-obair chrua le linn na tréimhse doiligh seo.”

 

Aontaíonn Cathaoirleach Cheantar Bardais Inis Eoghain, an Clr. Jack Murray. “Tá teacht aniar agus miotal léirithe sa phobal seo. Rinneadh scrios ar chuid mhór teaghlach, gnólachtaí agus daoine aonaracha, rud a bhrisfeadh do chroí.  Tá neart, cineáltas agus dúthracht mhuintir Inis Eoghain agus mhuintir an chontae ar fad chun tosaigh le roinnt laethanta anuas, agus bhí sé seo fíorthábhachtach i dtaca le cuidiú leo siud uilig atá thíos mar gheall ar na tuilte. 

 

Duine ar bith a d’fhulaing de bharr na dtuilte seo agus a bhfuil tacaíocht nó cuidiú de dhith orthu, ina measc tithíocht éigeandála, cuidiú le dochar atá déanta dá sealúchais nó aon riachtanas daonnúil eile, iarrtar orthu dul i dteagmháil leis an Chomhairle trí bhualadh isteach inár gcuid oifigí nó trí scairt a chur ar 074 91 53900 le linn uaireanta oscailte nó 074 91 72288  i ndiaidh uaireanta oscailte. 

 

Is féidir leat coinneáil suas chun dáta fosta trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO