Táthar ag iarraidh ar ghnólachtaí a bheas ag freastal ar Chomhdháil Idirnáisiúnta i nDún na nGall ar an 12 agus 13 Aibreán plean gairid chun iontráil i margadh a chur isteach. D’fhéadfadh siad duais mhór €5,000 a bhaint le haghaidh comhairle chun cuidiú leo a bplean a fhorbairt.
Beidh an Chomhdháil Beyond Local ar siúl i Solis Loch Iascaigh agus é de sprioc acu a mhíniú do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide cad chuige ar fiú go mór na gnólachtaí sin a thabhairt isteach sa mhargadh domhanda.
Beidh meascán de phríomhchainteanna, ceardlanna agus cruinnithe gnólacht le gnólacht ar siúl le linn na comhdhála idirnáisiúnta dhá lá, atá á reáchtáil ag an Oifig Fiontair Áitiúil, Dún na nGall. Beidh sé ag tarraingt ar thaithí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus gheobhaidh siad siúd a bheas ag freastal léargas ar na buntáistí a bhaineann le bheith ag amharc níos faide amach ná na margaí áitiúla dá gcuid gnólachtaí.
Ar mhaithe le iad a mhealladh, tá seans ag gnólachtaí ar suim leo dul níos faide ná margaí áitiúla luach €5,000 de chomhairle a bhaint, agus níl le déanamh ach foirm ghairid a líonadh isteach agus freastal ar an chomhdháil.
Tá an fhoirm um phlean iontrála margaidh ar fáil le híoslódáil ó shuíomh idirlín na hOifige Fiontair Áitiúil –www.localenterprise.ie/donegal - agus is foirm ghairid shimplí í, agus gnólacht ar bith atá ag iarraidh cur isteach ar an chomórtas níl le déanamh acu ach an doiciméad a líonadh isteach, agus é a sheoladh chuig: [email protected] roimh an mheán oíche Dé hAoine 6 Aibrean agus ansin a bheith i láthair ag an chomhdháil.
Tá tacaíocht á fáil ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall trí chomh-mhaoiniú ó Rialtas na hÉireann agus trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 2014-2020.