Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Daltaí ó Mallorca

Cuireann Pobalscoil na Rosann fáilte roimh Mheánscoil Arta ó Mallorca

 

Rosses Community School hosts Arta Secondary School from Mallorca

 

 

Tá grúpa daltaí ó Mheánscoil Arta i Mallorca á óstáil ag grúpa daltaí de chuid Phobalscoil na Rosann an tseachtain seo.

 

Tá an malartú seo idir an dá scoil ar siúl ar bhonn leanúnach, agus tugtar deis do na daltaí ón dá scoil seachtain a chaitheamh ar cuairt ar an scoil eile.

 

Tá Nuaria Aguilo, arb as Mallorca ó dhúchas í, ag obair mar mhúinteoir i bPobalscoil na Rosann le roinnt blianta anuas agus is ise atá taobh thiar den nascadh seo. 

 

Chaith deich ndalta ón Chlochán Liath seachtain in Arta i mí na Bealtaine seo chuaigh thart agus tá na daltaí seo anois ag óstáil cuairte ó dhaltaí Mallorca.

 

Tríd an mhalartú seo féachtar leis an oideachas agus an fhoghlaim a chothú agus a spreagadh trí chultúr úr a bhlaiseadh, trí ghníomhaíochtaí oideachasúla, trí theanga úr a bhlaiseadh agus trí chaithimh aimsire agus spéiseanna a chomhroinnt. Tá clár imeachtaí seachtaine curtha i dtoll a chéile ag an Bn. Uas. Agulio do na daltaí ó Mallorca.  I measc na chéad imeachtaí bhí deis acu cuairt a thabhairt ar Oifigí na Comhairle Contae i gCeantar Bardais na nGleanntach ar an Chlochán Liath.

 

Chuir an Clr. Mícheál Choilm Mac Giolla Easbuig agus Éamonn Brown, Bainisteoir, fáilte roimh na cuairteoirí agus thug siad cur i láthair gairid do na daltaí fá dtaobh d’obair na Comhairle Contae. 

 

Bhí deis ag na daltaí fosta a gcuid tuairimí féin a chur in iúl agus a mhíniú cad iad na dúshláin a bhí acu ar a n-oileán siúd, go háirithe na dúshláin a eascraíonn as an turasóireacht agus na brúnna ar acmhainní nádúrtha, ar an timpeallacht, an tithíocht agus ábhair eile a bhaineann leis an saol s’acu.

 

Labhair an Clr. Mac Giolla Easbuig leis na daltaí agus thug sé cuntas dóibh ar a ról mar chomhairleoir agus dúirt go raibh lúcháir air a bheith ag caint leo.  Ghabh an Clr. Mac Giolla Easbuig buíochas le gach duine a tháinig, agus ghabh sé buíochas ar leith leis an triúr múinteoirí Nuaria, Tofol agus Doni, agus leis an Dr. Seosamh Ó Ceallaigh. Ghuigh sé gach rath orthu agus bhí súil aige go mbainfeadh siad sult as a n-am i nDún na nGall.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO