Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cúrsóir sna Cealla Beaga

Éirithe thar barr le cuairt eile ó chúrsóir go dtí na Cealla Beaga

 

Another successful cruise ship visit to Killybegs

An Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Séamus Ó Domhnaill

Ag tabhairt bronntanais don Chaptaen Aseem Hashmi le ceiliúradh

A dhéanamh ar theacht an MS Queen Elizabeth go dtí na Cealla Beaga

Dé hAoine seo caite. Grianghraf: Michael McHugh

 

 

Éirithe thar barr le cuairt eile ó chúrsóir go dtí na Cealla Beaga

 

 

Tháinig an MS Queen Elizabeth chun cé sna Cealla Beaga Dé hAoine seo caite (20 Iúil), áit ar cuireadh fearadh na fáilte roimpi nuair a tháinig na sluaite as achan chearn leis an long crúsála is mó riamh sna Cealla Beaga a fheiceáil.  Long mhór ghalánta atá ann, mar chuid den Cunard Line, agus í ag crúsáil thart ar chóstai na Breataine agus na hÉireann. Tá breis agus 2,000 paisinéir ar an long, chomh maith le 1,000 ball den chriú.

 

 

Bhronn Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall An Clr Séamus Ó Domhnaill saothar priontáilte ealaíne de Chill Domhnaigh, Béal Átha Seanaidh, leis an ealaíontóir áitiúil Barry Sweeny, ar Chaptaen na Loinge, an tUas. Aseem Hashmi.  Bhronn an Captaen leabhar faoi stair an Cunard Line agus plaic loinge ar an Chathaoirleach.

 

 

Agus é ag caint ina dhiaidh dúirt an Clr. Ó Domhnaill “Thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall, bhí lúcháir orm fáilte a chur roimh an MS Queen Elizabeth go dtí na Cealla Beaga don chéad uair agus bualadh leis an Chaptaen agus le bainisteoir ginearálta an Óstáin agus deis a fháil fosta turas treoraithe a fháil thart ar an long chrúsála ghalánta seo.  Tá eispéireas speisialta le fáil i nDún na nGall ag paisinéirí, cuid mhór acu ar cuairt in Éirinn (nó ag teacht i dtír in Éirinn) don chéad uair. Bhain siad leas iomlán as na turais lae a bhí ann chuig áiteanna spéisiúla le haghaidh turasóirí sa cheantar.”

 

 

Cruise ship visit to Killybegs 2

Ar an staighre mhór ar an MS Queen Elizabeth agus í le cé

Sna Cealla Beaga Dé hAoine seo caite, ó chlé, Jim Parkinson, Henry Coleman,

Lesley Meyer – Óstach Sóisialta An Cathaoirleach An Clr Séamus Ó Domhnaill,

Barney Mc Laughlin, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Iga Lawne,

Comhairle Contae Dhún na nGall. Grianghraf: Michael McHugh.

 

 

Agus dúirt sé fosta: ‘Ba maith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a chuidigh le go mbeadh rath agus bláth ar an chéad chuairt seo ón MS Queen Elizabeth agus tá súil agam go mbeidh go leor eile ina dhiaidh seo.’

 

 

Tá gaol comhloinge ag an MS Queen Elizabeth leis an Queen Victoria, a tháinig ar cuairt go dtí na Cealla Beaga i mí na Bealtaine. Tá an MS Queen Elizabeth níos mó.   Níl inti ach ceann amháin den iliomad long chrúsála atá ag stopadh sna Cealla Beaga i mbliana, rud a chuireann borradh faoin gheilleagar sa cheantar. Chaith cuid de na paisinéirí seal a gcuarta sna Cealla Beaga agus chuaigh cuid eile ar thurais bus go Baile Dhún na nGall, Sliabh Liag, Gleann Cholm Cille agus Tábhairne Leo i gCroithlí”.

 

 

Bhí an ché 300m go díreach foirfe leis an long 92,000 tonna a thabhairt isteach, long atá 294m ar fad, dhá uair níos faide na Páirc Uí Chrócaigh.  Tá an Queen Elizabeith ar an long is óige as na trí long de chuid Cunard. Tá an domhan mór seolta aici ó seoladh í sa bhliain 2010.

 

 

D’fhág sí le dul go Greenock in Albain tráthnóna Dé hAoine agus leanfaidh sí ar aghaidh ar an turas go Southampton, an áit as ar fhág sí an tseachtain seo caite.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO