Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cruinniú na nÓg

Cruinniú na nÓg ar na bacáin

Cruinniu

Ag baint taitnimh as an ghrian agus as an atmaisféar le linn Chruinniú na nÓg anuraidh le Grúpa Carnabhail Inis Eoghain ag Gailearaí na Gléibe.

 

Os cionn 30 gníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce le haghaidh daoine faoi 18 mbliana mar chuid den tionscadal Éire Ildánach a bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall agus RTÉ ag tacú leis.

 

Táthar ag spreagadh páistí agus daoine óga ar fud Dhún na nGall dul i mbun na samhlaíochta agus páirt a ghlacadh i gceann den 30 ócáid saor in aisce de chuid Chruinniú na nÓg a bheas ar siúl ar fud an chontae Dé Sathairn 15 Meitheamh 2019.

 

Is é seo an dara bliain de Chruinniú na nÓg, féile a cheiliúrann agus a spreagann rannpháirtíocht na bpáistí agus na ndaoine óga in imeachtaí cruthaitheacha ina gcomharsanachtaí féin agus i measc a bpobail féin.  Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ón ealaín láimhe go dtí imeachtaí nádúir. Is é Foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Éire Ildánach Dhún na nGall atá i gceannas ar an fhéile go háitiúil, le tacaíocht ollmhór ó ealaíontóirí áitiúla, eagraíochtaí ealaíne, cleachtóirí cruthaitheacha agus féilte pobail.  Beidh béim ar leith ar an rannpháirtíocht, agus tá na himeachtaí ullmhaithe go speisialta chun suim a spreagadh agus chun an meon cruthaitheach a spreagadh i bpáistí chun triail a bhaint as rud éigin úr nó uaillmhian rúnda éigin a bhaint amach!

 

I measc na mbuaicphointí le linn Chruinniú na nÓg i mbliana beidh: Safari Feamainne in Inis Eoghain; súgradh smeadráilte clábarach do pháistí níos sine ar an Fhál Carrach; tum-eispéaras Seapánach i Leabharlann Bhun Cranncha agus; seó drámaíochta le Compántas Óige Dhún na nGall i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.

 

Tá lúcháir ar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Mac Conghaola, a bheith ag obair i gcomhpháirt arís le hÉire Ildánach agus le RTÉ leis na deiseanna iontacha cruthaitheacha seo a sholáthar do pháistí agus do dhaoine óga i nDún na nGall agus dúirt sé: “creidimid, trí infheistíocht a dhéanamh sna healaíona, cultúr, oidhreacht agus teanga go bhfuil muid ag infheistiú i gcontae níos sláintiúla, níos sásta, níos rachmasaí agus níos ráthúla, agus is ardán iontach dúinn é Cruinniú na nÓg óna dtig linn an cuspóir seo a leathnú amach go dtí an t-aos óg, bíodh siad anseo ar cuairt nó cónaí orthu sa chontae.

 

“Cé gur gá áit a chur in áirithe fá choinne roinnt imeachtaí, beidh go leor ar siúl fosta ar féidir bualadh isteach iontu, rud a chuireann solúbhtacht ar fáil dóibh siúd a bhféadfadh pleananna a bheith acu cheana féin don 15 Meitheamh. Beidh réimse an-éagsúil imeachtaí spreagúla ar siúl ar fud an chontae agus tá muid ag iarraidh ar an oiread teaghlaigh agus daoine óga agus is féidir a theacht agus lá a dhéanamh den ócáid.”

 

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD “tá Éire ar an aon tír amháin sa domhan ina bhfuil lá ar leith socraithe fá choinne na cruthaítheachta saor in aisce do dhaoine óga agus do pháistí.  Cé nach é seo ach an dara bliain de Chruinniú na nÓg tá fás as cuimse tagtha air, agus tá chóir a bheith a dhá oiread imeachtaí saor in aisce ar siúl ó cheann ceann na tíre i mbliana.  Cuidíonn an fhéile speisialta seo linn ár ngeallúintí a chur i gcrích chun cur le cumas cruthaitheach gach páiste a fhorbairt agus go mothóidh siad go bhfuil rud éigin fiúntach déanta acu as bheith páirteach i dtogra cruthaitheach a spreagann a samhlaíochtaí.

 

Cruinniu 1

Daoine óga a ghlac páirt i gCruinniú ag éisteacht go géar sular scaoil siad amach a spiorad cruthaitheach le linn Chruinniú na nÓg 2018 i Leabharlann Bhun Cranncha.

 

Tá gach ceann de na gníomhaíochtaí agus imeachtaí roghnaithe go cúramach ag an líonra d’fhoirne tiomanta Cultúir agus Cruthaitheachta ar fud an chontae. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis na húdaráis áitiúla agus le RTÉ, a bhí mar rannpháirtithe díograiseacha agus comhoibritheacha ar an ócáid seo ón tús, agus leis an iliomad ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíne agus óige, cleachtóirí cruthaitheacha, féilte agus pobail a chuidigh le go mbeidh ráth agus bláth ar an lá úr spreagúil seo de chruthaitheacht na hóige do dhaoine óga agus do pháistí.”

 

Dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy TD fosta; “mar dhuine a thugann lántacaíocht do Chlár Éire Ildánacha an Uile-Rialtais, tá mé bródúil as an ról tábhachtach atá á dhéanamh ag mo Roinnse agus ag na húdaráis áitiúla chun tacú le cruthaitheacht agus folláine ár saoránaigh is óige. Tríd an phaisean, an cúram agus an infheistíocht atá á dhéanamh ag an 31 Fhoireann Chultúir agus Cruthaitheachta, tá an chruthaitheacht ag déanamh athrú ó bhonn ar ár bpobail agus tá ról fíorthábhachtach ag Cruinniú na nÓg leis an fhorbairt seo a chur chun cinn.  

 

Tá lúcháir ar leith orm go bhfuil gach ceann de na himeachtaí de chuid Chruinniú na nÓg lonnaithe sa cheantar áitiúil agus go bhfuil siad saor in aisce sa dóigh is go mbeidh deis ag an oiread daoine óga agus páistí agus is féidir a bheith páirteach. Mholfainn do gach duine féachaint cad é atá ag tarlú i do cheantar áitiúil agus an deis a thapú chun Cruinniú na nÓg a úsáid i mbliana le splanc a lasadh i samhlaíocht do pháistí agus iad a mhealladh i dtreo na cruthaitheachta.”

 

Dúirt Dee Forbes, Stiúrthóir Ginearálta ar RTÉ: “Tá an chruthaitheacht agus an pobal ag croílár ráiteas misin úr RTÉ.  Tá siad mar phrionsabail lárnacha fosta i gClár Chruinniú na nÓg de chuid Éire Ildánach, rud a dhéanann an chomhpháirtíocht seo an-tábhachtach dúinn. Is togra iontach é páistí agus daoine óga a spreagadh chun teacht le chéile lena gcruthaitheacht a bhlaiseadh agus a fhorbairt. Is í an éagsúlacht de ghníomhaíochtaí cruthaitheacha a chinntíonn gur ócáid speisialta ar leith é Cruinniú na nÓg, ón bheochanú go dtí déanamh eitleog Sheapánach.

 

Tacaíonn RTÉ le breis agus 130 imeacht ealaíne agus cultúrtha gach bliain, mar sin de tá muid an-dáiríre faoi obair ealaíne agus faoin chruthaitheacht. Tá muid ag tnúth le bheith páirteach sa spraoi agus sa spreagadh Dé Sathairn 15 Meitheamh nuair a bheas an chéad ghlúin eile de dhaoine cruthaitheacha in Éirinn i lár an aonaigh ar an lá speisialta seo.”

 

Tá sonraí maidir leis na himeachtaí a bheas ar siúl le linn Chruinniú na nÓg ar fáil anseo.

 

#MyCruinniu #CruinniuToCreate

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO