Bhí breis agus 90 duine i láthair ag an chomhdháil ‘Ceangal don Bheatha’ maidir le cosc ar an fhéinmharú i Leitir Ceanainn Dé hAoine seo caite.
Reáchtáladh an chomhdháil mar chuid de phlean gníomhaíochta 5 bliana (2015-2020) i nDún na nGall leis an fhéinmharú a laghdú agus a chosc. Tá cuid mhór eagraíochtaí agus daoine aonaracha bainte leis an togra, idir reachtúil agus neamhreachtúil, an earnáil phobail agus dheonach, agus an pobal i gcoitinne.
Tá an plean áitiúil seo mar chuid de phlean ag leibhéal an stáit chun laghdú 10% a bhaint amach sa líon daoine a chuireann lámh ina mbás féin faoin bhliain 2020. Bhí ionadaithe i láthair ó eagraíochtaí amhail An Garda Síochána, Togra Dhún na nGall don Lucht Siúil, eagraíochtaí sláinte, príobháideacha, pobail agus deonacha.
Ba é ba chuspóir leis an chomhdháil an dea-chleachtas a chomhroinnt agus caidrimh a thógail i réimse an fhéinmharaithe, agus bhí go leor aoichainteoirí ar saineolaithe iad ar an cheist thragóideach seo, bíodh sin de bharr a ngairme nó de bharr a n-eispéireas féin.
Cheol an cór idirghlúine 'Ceol le Chéile' amhráin don lucht freastail ag an deireadh.
Bhí taispeántas i ndiaidh na comhdhála san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn dar teideal 'Beathaí Caillte', taispeántas ar dhaoine óga a chaill a mbeatha de bharr an fhéinmharaithe in Éirinn.