Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comhdháil ar an Chuimhneamh Eiticiúil

Comhdháil ar an Chuimhneamh Eiticiúil

Dr Johnston McMaster 379 x 269

An Dr. Johnston McMaster

 

Mar chuid de Chlár 2016 Dhún na nGall tá Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ag reáchtail comhdháil speisialta ina ndéanfaidh an Dr. Johnston McMaster plé ar an dóigh is fearr le comóradh a dhéanamh ar imeachtaí ar nós Éirí Amach 1916 i nDún na nGall.

 

Beidh an chomhdháil ar siúl níos moille an mhí seo agus is é an Dr. Johnston McMaster, léachtóir agus comhordaitheoir ar an chlár Oideachas le haghaidh Athmhuintearais ag Scoil Éiciúméinice na hÉireann i mBéal Feirste, a bheas ina fhear tí.     

Is é an príomhthéama atá ag an chomhdháil ná an Cuimhneamh Eiticiúil agus an Plé Eiticiúil.  Beyond Denial to Hope; The Ethics of Memory: Commemoration in 2016 and Gendered Perspective on the Rising.

 

Labhróidh An Dr. Cathy Higgins ag an chomhdháil chomh maith agus tabharfaidh sí cuntas suimiúil ar mhná agus an tÉirí Amach agus an dearcadh a bhí ag scríbhneoirí liteartha na linne leis an Éirí Amach.

 

Seo mar a labhair Helen McNutt, bainisteoir ar an Ionad Eolais Eorpach atá ag reáchtáil na comhdhála i gcomhar leis an Leabharlann Chontae:

 

“Beidh cuid mhór eolais ar fáil ón bheirt chainteoirí, chomh maith le dóigheanna úra le hamharc ar sheanfhadhbanna agus tabharfaidh siad creatlach eiticiúil dúinn le go mbeimis in ann súil eile a chaitheamh ar na himeachtaí seo”.

 

“Táthar ag súil go dtabharfaidh an chomhdháil mhór seo ar an Chuimhneamh Eiticiúil daoine le chéile ó chúlraí éagsúla i nDún na nGall. Tá súil againn go spreagfaidh seo daoine le haitheantas a thabhairt do na dearcthaí éagsúla, agus meas a léiriú dóibh, agus b’fhéidir gur féidir linn teacht ar thuiscint níos fearr agus a bheith níos oscailte don éagsúlacht’, a lean Helen.

 

Níl aon taille ar an chomhdháil, a bheas ar siúl in Óstán an Mt Errigal, Leitir Ceanainn Dé Céadaoin 17 Feabhra ó 9.30am go dtí 1pm, ach is gá áit a chur in áirithe.  Ba chóir gach áit a chur in áirithe trí ríomhphost chuig [email protected] nó trí scairt ghutháin ar 074 91 24950

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO