Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comdháil Idirnáisiúnta Gnólachtaí

Comhdháil Idirnáisiúnta do Ghnólachtaí

Beyond Local Conference 379 x 269

 

Is é is aidhm leis an chomhdháil seo eolas agus spreagadh a thabhairt do na gnólachtaí sin nach bhfuil cinneadh déanta acu go fóill briseadh amach as na margaí reatha náisiúnta sin a dhéanamh, agus tacú leos siúd a thug faoin dúshlán seo cheana féin.

Tá ciall le do ghnólacht a thabhairt isteach sa mhargadh domhanda más gnólacht beag nó meánmhéide atá agat - agus ciallaíonn sé fosta go bhfuil seans níos fearr agat maireachtáil i domhain eacnamúil atá iontach iomaíoch do ghnólachtaí.



Cuidíonn gníomhaíochtaí idirnáisiúnta le gnólacht chun fás, cuireann sé le d’iomaíochas agus tacaíonn sé le hinmharthanacht gnólachtaí beaga agus meánmhéide san fhadtéarma, trí iad a dhéanamh níos láidre i gcoinne aon ghéarchéim áitiúil agus náisiúnta.


Mar sin féin, tá gá le pleanáil, solúbthacht agus cumas chun athrú má tá cinneadh déanta agat do ghnólacht a idirnáisiúnú. Anois, níos mó ná riamh - in am nuair atá athruithe móra ag tarlú i gcúrsaí polaitiúla agus eacnamaíochta - tá sé in am ag lucht gnó dearcadh idirnáisiúnta a tharraingt chucu féin.


Is féidir leis an ghnólacht is lú fiú idirnáisiúnú a dhéanamh go rathúil, ach is cosúil nach ndéanann go leor acu seo de bharr easpa uaillmhéine, easpa eolais nó gan a fhios acu faoi dóigh le tabhairt faoi.


Má tá suim agat sa chomhdháil seo cláraigh anseo agus cuirfidh an Oifig Fiontair Áitiúil an clár iomlán agus sonraí faoi chainteoirí chugat sna laethanta amach romhainn.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO