Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Codebreaker

‘Codebreaker’ Fíorscéal fá dtaobh de Leabharlannaí as Éirinn a chuidigh le taoide an Dara Cogadh Domhanda a thiontú

Code Breaker

 

Tugann Músaem Chontae Dhún na nGall cuireadh duit a bheith linn Dé Sathairn 26 ar 2pm chun éisteacht le Marc McMenamin labhairt faoin ‘Codebreaker’, an fíorscéal an-chorraitheach fá dtaobh de Richard Hayes, an Leabharlannaí agus Matamaiticeoir a chuidigh le treo an Dara Cogadh Domhanda a thiontú.

 

Ileolaí agus cripteagrafaí a bhí i Richard Hayes, Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, agus rinne Faisnéis Mhíleata na hÉireann (G2) é a earcú le linn na hÉigeandála. ‘Tallann arb ionann é agus ardéirim’ a dúirt MI5 fá dtaobh dó, agus ‘colasas fir’ a dúirt Oifigí Mheiriceá le haghaidh Seirbhísí Straitéiseacha fá dtaobh dó. Bhí sé i gceannas ar fhoireann cripteagrafaithe le linn an Dara Cogadh Domhanda agus iad ag obair ar an “Görtz Cipher” míchlúiteach - cód de chuid na Naitsithe a thug dúshlán cuid de na hintleachtanna ba éirimiúla in Bletchley Park.

 

Fáilte roimh gach duine, fóirsteanach do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Níl aon táille i gceist.

 

Is as Béal Átha Seanaidh ó dhúchas Marc McMenamin, an cainteoir agus údar an leabhair. Is údar, déantóir cláracha faisnéise agus múinteoir é.


Tá roinnt cláracha faisnéise raidió déanta aige a bhfuil gradaim bainte acu. Is é Codebreaker an chéad leabhar atá scríofa ag Marc.

 

Fá choinne tuilleadh eolais gabh i dteagmháil le Músaem Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn 074 9124613 E [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO