Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Clinicí AOIFE

Clinicí Comhairle i dtaca le Féilte agus Imeachtaí i nDún na nGall

Beidh Clinicí Comhairle AOIFE (Association of Festival and Events) ag pilleadh an mhí seo chun bualadh le lucht eagraithe Féilte agus Imeachtaí sa chontae, eolas a chomhroinnt leo, comhairle a chur orthu agus dul i ngleic le cuid de na dúshláin a bhíonn rompu.

 

Bunaíodh an eagraíocht chomhairliúcháin AOIFE in 1993, agus tá sí ar an cheathrú ceann is mó dá cineál san Eoraip (le breis agus 250 ball), agus cuidíonn siad le féilte neamhbhrabúsacha feabhsú agus fás.  

 

Beidh na Clinicí ag plé le ceisteanna ar nós:

 

Iarratais ar Dheontais agus ar Mhaoiniú

Féilte úra a bhunú

Deiseanna Airgid agus Urraíochta

Tacaíochtaí Ceannaireachta agus Cnuasaigh

Ceisteanna Sláinte agus Sábháilteachta agus Árachais

Meantóireacht do na Meáin Shóisialta,

Deiseanna Gréasánaithe san Eoraip,

Ceangail Réigiúnacha, Teagmhálaithe, agus Réiteach Fadhbanna.

 

Is gá do rannpháirtithe clár le hoifig rúnaíochta AOIFE ar dtús chun seisiún comhairliúcháin 30 bomaite a chur in áirithe le linn don fhoireann a bheith i láthair. Tá an tSeirbhís Clinicí saor in aisce do bhaill d’AOIFE, agus caithfidh coistí nach baill iad táille €50 a íoc. Is féidir an €50 a bhaint de chostas iomlán ballraíochta le hAOIFE.

 

Tabharfar tús áite d’Fhéilte atá cláraithe le AOIFE ach táthar ag súil go mbeidh deis ag Féilte úra agus Imeachtaí úra a bheith in ann bualadh leis an Fhoireann Shinsearach.

 

Beidh seisiúin i mbreis agus 40 áit i naoi gcinn déag de chontaethe roimh an Cháisc. Tabharfar cuair ar na contaetha eile roimh lár mhí Mheithimh.

 

Le clárú le haghaidh do Sheisiún Comhairliúcháin 30 bomaite, agus do sheisiún meantóireachta 30 bomaite i dtaca leis na meáin shóisialta déan teagmháil leis an Oifigeach Ballraíochta Celia ar 090 964 5831, trí ríomhphost ag [email protected] nó féach ar www.aoifeonline.com/popupclinic fá choinne tuilleadh eolais.

 

Beidh na Clinicí ar siúl i nDún na nGall ag na hamanna seo a leanas, agus sna háiteanna seo a leanas:

 

Dé Céadaoin 31 Eanáir  

Baile Dhún na nGall –

Dorrian's Imperial Béal Átha Seanaidh, Co.Dhún na nGall

4:00pm – 7:00pm

 

Déardaoin, 1 Feabhra

Baile Dhún na nGall –

Óstán an Abbey,

10:00am – 12:30pm

 

Teach Tábhairne Nancy, Ard an Rátha, Co Dhún na nGall

1:30pm – 3:00pm

 

Óstán an Chaisleáin, Gaoth Dobhair,

4:15pm – 7:00pm

 

Dé hAoine 2 Feabhra

Óstán an Radisson Blu, Leitir Ceanainn

10:30am – 1:30pm

 

Óstán an Inishowen Gateway, Bun Cranncha

2:30pm – 4:00pm

 

McGrorys, Cúil Dabhcha

4:15pm – 7:00pm

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO