Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Clár Sheachtain na hOidhreachta

Seoladh Clár Imeachtaí do Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall

 

Donegal Heritage Week Event Guide

 

 

Beidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar siúl ón Satharn 19 Lúnasa 2017 agus tá sí á comhordú ag an Chomhairle Oidhreachta agus ag Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil.  Tá an Clár Imeachtaí le haghaidh Seachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall curtha i dtoll a chéile ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall. Is é atá ann leabhrán beag póca, saor in aisce, a thugann eolas ar an 124 imeacht a bheas ar siúl ar fud Chontae Dhún na nGall, agus an chuid is mó acu saor in aisce.  Seolfar An Clár Imeachtaí do Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall in Iarsmalann an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn Dé Máirt 8 Lúnasa ar 12 meánlae.  Is féidir le lucht eagraithe na n-imeachtaí a gcuid cóipeanna den Chlár Imeachtaí do Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall a fháil ag an tseoladh.  Tá fáilte roimh achan duine a bheith i láthair agus beidh sólaistí ar fáil.     

 

Is iad aidhmeanna na Seachtaine Oidhreachta feasacht a ardú i dtaca lenár n-oidhreacht agus daoine a spreagradh le í a chosaint, a chaomhnú agus a chothú.  Tá Contae Dhún na nGall ar an chontae leis an líon is mó imeachtaí in aghaidh an daonra agus tá breis agus 20 ceann de na 124 imeacht atá beartaithe don tSeachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall á reáchtáil nó á óstáil ag Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall.  I measc na n-imeachtaí imeachtaí beidh laethanta oscailte oidhreachta, siúlóidí treoraithe, turais allamuigh, taispeántais, comhdhálacha, cainteanna léirithe, athléirithe stairiúla, taispeántais éanacha creiche, ag amharc ar mhíolta móra, turais ghairdíní, taispeántais scileanna traidisiúnta, aontaí ceardaíochta, traenáil i scileanna, imeachtaí seolta, scéalaíocht, ceol traidisiúnta agus imeachtaí do pháistí. 

 

“Tá daoine i ndiaidh teacht le chéile arís i mbliana ó eagraíochtaí oidhreachta, coistí pobail, iarsmalanna, ionaid oidhreachta agus Seirbhísí Cultúrtha, Comhairle Contae Dhún na nGall, le clár iontach imeachtaí a chur le chéile do Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall.” arsa Seosamh Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall.  Cuidíonn a gcuid iarrachtaí agus obair chrua le haird an phobail a dhíriú ar an oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha atá againn, chomh maith le daoine a spreagadh le í a chaomhnú.  Is é téama na bliana seo ‘Is é do nádúrsa é’, agus béim ar na ceangail atá ann idir an duine, a cheantar agus a oidhreacht nádúrtha.  Nuair a dhéantar infheistíocht san oidhreacht cuidíonn sin le feasacht a ardú, suim a spreagadh agus bród a chothú san oidhreacht, agus cuidíonn sé lenár bhféiniúlacht féin a chur in iúl, chomh maith le cuairteoirí a mhealladh, tacú le poist agus geilleagair áitiúla a chothabháil.  Caithfear aitheantas a thabhairt, as ráthúlacht na Seachtaine Oidhreachta i gContae Dhún na nGall, do na daoine sin a reáchtálann imeachtaí - go leor acu ar bhonn deonach - agus do na pobail a thugann tacaíocht dóibh.”  Ag leibhéal an rialtais náisiúnta, tá an Oidhreacht mar chuid den roinn úr leasaithe, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta agus tá deiseanna ar fáil faoin chlár Éire Ildánach chun roinnt infheistíochta, a bhfuil géarghá léi, a dhéanamh san oidhreacht, sna healaíona agus sa chultúr. 

 

Beidh cóipeanna den Chlár Imeachtaí do Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar fáil in oifigí turasóireachta, i leabharlanna, in ionaid seirbhíse poiblí, iarsmalanna agus ionaid oidhreachta an tseachtain seo chugainn agus ar líne agwww.heritageweek.ie  or  www.donegalcoco.ie/heritage

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO