Rannpháirtithe ó Fhóram Dhún na nGall agus Lár-Uladh.
Tá Grúpaí Staire ó Lár-Uladh agus ó Dhún na nGall i ndiaidh páirt a ghlacadh i gcuairt staidéir chuig Contae Thír Eoghain le hamharc ar shuíomhanna a bhí bainte le clann Uí Néill agus le clanna eile de chuid Uladh san tseanam.
Mhair an togra dhá lá agus tugadh cuairt ar na Caisleáin i gCionn Aird agus ar an Bhinn Bhorb a bhí ina suíomhanna sa tseanam ag clanna Uí Néill agus Uí Dhomhnaill. Tá an tionscadal seo ag fáil tacaíochta ó Chlár PEACE IV an Aontais Eorpaigh, arna bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE (FCSAE).
Tugann an togra deis chomhoibrithe idir Chomhairle Ceantair Lár-Uladh agus Comhairle Contae Dhún na nGall trí 3 chuairt staidéir a dhéanamh in achan cheantar chun staidéar a dhéanamh ar an oidhreacht chomhroinnte atá eadrainn, mar shampla Imeacht na nIarlaí a tharla ó Ráth Maoláin i gContae Dhún na nGall (ba ó Dhún na nGall agus ó Dhún Geanainn a tháinig na hIarlaí iad féin), chomh maith le Plandáil Uladh a raibh an-tionchar ar fad aici ar stair agus ar fhorbairt na gceantracha.
Beidh an chéad chuairt eile ar siúl i nDún na nGall i mí na Bealtaine 2019, go Caisleán na Birte agus Grianán Ailigh.
Chan amháin go bhfuil an togra dírithe ar dhaoine a thabhairt le chéile ón dá thaobh den teorainn ach go bhfuil sé dírithe ar dhaoine a thabhairt le chéile ó chúlraí éagsúla, ó thaobh pobail agus creidimh de. Tá sé de chuspóir ag an togra ról dearfach a imirt i dtaca le sochaí níos comhtháite a thógáil, agus teagmhálacha inmharthana trasteorann a chothú.
Tá comh-mhaoiniú á sholáthar ag an Oifig Feidhmiúcháin i dTuaisceart Éireann agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ó dheas.
Is é an t-amchlár atá ag an togra ná é a thoiseacht i mí Mheithimh 2018 agus é a chur i gcrích faoi mhí na Bealtaine 2020.
Tá an togra oscailte do gach grúpa a bhfuil suim acu a bheith páirteach, ó thús go deireadh an amchláir sin.
Fá choinne tuilleadh eolais, gabh i dteagmháil le comhordaitheoir an togra:
Heather McLaughlin
Guthán: +44 (0) 2885549606