Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Clár Imeachtaí Pan-Cheilteach

Clár Imeachtaí na Féile Pan-Cheiltí seolta

Pan Celtic Launch

Ag nochtadh an chláir don 48ú Féile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach in Amharclann an Ghrianáin (Dé hAoine 5 Aibreán) tá an Clr. Ian Mac Gairbheith, Méara ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn, Christina Ó Donnell, Comhairle Contae Dhún na nGall agus An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall. Beidh an Fhéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach ar siúl ón 23 – 28 Aibreán.

 

Beidh ceolta, amhránaíocht, teangacha agus damhsaí na dtíortha Ceilteacha ar fad ar siúl i Leitir Ceanainn níos moille an mhí seo nuair a chuirfear tús leis an 48ú Féile Phan-Cheilteach.

 

Rinne an Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Séamus Ó Domhnaill agus Méara Leitir Ceanainn, an Clr. Ian Mac Gairbheith, clár na féile don bhliain seo a sheoladh ag ócáid níos luaithe inniu in Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn.   

 

Beidh an fhéile ar siúl ón 23 go dtí an 28 Aibreán agus tabharfaidh sí na náisiúin Cheilteacha, Éire, An Bhreatain Bheag, Albain, An Bhriotáin, Corn na Breataine agus Oileán Mhanainn le chéile le haghaidh ceiliúradh mór speisialta eile ar an chultúr Cheilteach ina mbeidh taispeántais damhsa, bannaí píobaireachta, amhránaíocht chóir agus rac-cheol Ceilteacht agus popcheol Ceilteach agus seo uilig sna teangacha Ceilteacha. 

 

Tá na himeachtaí ar fad atá beartaithe leagtha amach i gclár na féile. Beidh go leor ócáidí móra ar siúl ach i measc ceann de na cinn is mó suim tá an pharáid sráide a bheas ar siúl i Leitir Ceanainn Dé hAoine 26 Aibreán . I measc na n-imeachtaí móra eile beidh taispeántas ceolchoirme ó na tíortha éagsúla Ceilteacha le linn na hoscailte oifigiúla in Óstán an Mt Errigal Dé Máirt 23 Aibreán, an Comórtas Idirnáisiúnta Amhránaíochta in Amharclann an Ghrianáin Déardaoin 25 Aibreán agus Ceolchoirm na gCór in Amharclann an Ghrianáin Dé hAoine 26 Aibreán.

 

Creideann an Clr. Séamus Ó Domhnaill gur deis iontach í an Fhéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach le blaiseadh a fháil ar an stair shaibhir Cheilteach atá againn agus tá sé ag moladh do chuairteoirí bualadh isteach go Leitir Ceanainn le linn sheachtain na féile, mar a mbeidh fearadh na fáilte rompu.

 

“Tugann ceol maith, ár dteangacha féin, cairde maithe agus am saor, deis dúinn sult a bhaint as comhluadar a chéile agus as ár gcultúr comhroinnte. Cuidíonn sé seo leis na nascanna atá idr na Tíortha Ceilteacha a neartú agus a láidriú.”

 

Dúirt an Clr. Ian Mac Gairbheith go bhfuil clár iontach imeachtaí beartaithe do Leitir Ceanainn le linn na seachtaine agus ar seisean: “tá obair den scoth déanta ag an Chmohairle agus ag go leor eagraíochtaí cultúrtha eile leis an fhéile a reáchtáil. Tá clár leagtha amach acu a chuirfidh siamsaíocht ar fáil dúinn le linn na féile, agus a choinneoidh iontach gnoitheach muid.”

 

Tá an Cathaoirleach ar an Chomhairle Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach, Máirín Nic Dhonnchadha, ag dúil go mór le pilleadh ar Leitir Ceanainn, agus is é a dúirt sí féin: “tá lúcháir ar mhuintir Alba, Breizh, Cymru, Mannin, Kernow agus na hÉireann pilleadh ar Leitir Ceanainn le ceiliúradh a dhéanamh ar an 48ú Féilte Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach, go háirithe nuair atá dea-chuimhní againn ar fad ó imeachtaí na bliana seo caite. Tá muid ag tnúth leis an turas seo, le bualadh suas le seanchairde arís, ag cruthú eispéiris úra chultúrtha agus ag athnuachan ár ndúthrachta leis an oidhreacht Cheilteach a chur chun cinn”.  

 

Is féidir cóip den chlár imeachtaí a phiocadh suas in go leor áiteanna i Leitir Ceanainn, ina measc an Oifig Fáilte, Amharclann an Ghrianáin, Oifigí na Comhairle agus sa leabharlann. Tá sé ar fáil fosta ar líne ar www.panceltic.ie

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO