Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cláirsigh na Finne agus Sábháilteacht

Cláirsigh na Finne ag leanúint le feachtas sábháilteachta bóthair

 

 

Finn Harps continue to have Road Safety as a priority for new season

Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, Brian O'Donnell, le Seamus Neely, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Paddy Harte, Cathaoirleacht ar Chláirsigh na Finne, John Ryan, Cathaoirleach ar an Choiste um Beartas Straitéiseach i dtaca le Bóithre agus Iompar,  Brendan Kelly, Kellys Toyota, Aine Fabisiak, Ceannasaí ar Educate Together, John Campbell, Cláirsigh na Finne, agus Grace Ann McGarvey, Grace Ann Consultancy ag seoladh an Chomórtais Phóstaeir do scoileanna i Leitir Ceanainn Dé Máirt seo caite. Grianghraf le Clive Wasson.

 

 

 

Tá Cumann Sacair Chláirsigh na Finne ag dul i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall arís eile le Sábháilteacht Bhóthair a chur chun tosaigh sa chontae. Tá láthair fógraíochta saor in aisce curtha ar fáil ag Cláirsigh na Finne i bPáirc na Finne arís eile do Mheitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall chun cuidiú le haird an phobail a dhíriú ar na contúirtí atá ar na bóithre. Cuirfidh Cláirsigh na Finne tús lena bhfeachtas peile i mbliana arís nuair a imreoidh siad i gcoinne Chathair Chorcaí i bPáirc na Finne Dé hAoine 24 Feabhra, agus fógrófar buaiteoirí an chomórtais ealaíne ag an chluiche seo.

 

 

 

Finn Harps continue to have Road Safety as a priority for new season

 

 

 

Beidh an fógra sábháilteachta bóthair deartha ag dalta ó cheann amháin de bhunscoileanna an chontae fríd an chomórtas ealaíne oscailte. Sheol Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Contae Séamus Ó Conghaola, an comórtas, i gcomhar leis an Clr. John Ryan, John Campbell, Cláirsigh na Finne, Grace Ann McGarvey, grace Ann Consultancy agus páistí bunscoile i mBunscoil Educate Together i Leitir Ceanainn.

 

 

Caithfidh na hiontrálacha a bheith úrchumtha agus déanta ag na hiarratasóirí iad féin, agus gan a bheith ar pháipéar níos mó ná A3. Tá mionsonraí á gcur chuig gach bunscoil sa chontae faoi láthair agus is é 3 Feabhra an dáta druidte d'iarratais.

 

 

 

Finn Harps continue to have Road Safety as a priority for new season

 

 

 

Is féidir eolas ar an chomórtas a fháil ó Bhrian Ó Domhnaill, Comhairle Contae Dhún na nGall ar  074 9172360 nó John Campbell, Cláirsigh na Finne ar  087 3872973. Ba chóir iarratais a chur chuig: Comórtas Ealaíne Sábháilteachta Bóthair, An Oifig um Dhearadh Bóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Co. Dhún na nGall.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO