Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ceardlanna Sábháilteachta Spóirt

Ceardlanna dírithe ar imeachtaí spóirt a dhéanamh níos sábháilte

Finn Valley Centre

Ionad Ghleann na Finne, Srath an Urláir.

 

De bharr méadú mór a theacht ar an líon imeachtaí spóirt faoin spéir ar fud na tíre, shocraigh an Mheitheal Oibre um Bainistíocht Imeachtaí Spóirt i nDún na nGall ar cheardlanna a reáchtáil ar an Tearmann, i Srath an Urláir agus i mBun Cranncha an mhí seo chugainn chun cuidiú le lucht eagraithe na n-imeachtaí cur chuige a bheith acu ina dtugtar tús áite don tsábháilteacht.

 

D’ullmhaigh an Mheitheal Oibre um Bainistíocht Imeachtaí Spóirt i nDún na nGall treoirleabhar do chlubanna, grúpaí, scoileanna agus daoine aonair agus deir Miles Mac Suibhne, Comhordaitheoir Chomhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall, go bhfuil an foilseachán ina áis phraiticiúil do lucht eagraithe imeachtaí.  

 

"Le blianta beaga anuas, tá méadú mór tagtha ar líon na ngrúpaí pobail, na gclubanna agus na n-eagraíochtaí spóirt a bhíonn ag eagrú imeachtaí. Tá próiseas pleanála níos foirmiúla de dhíth sna himeachtaí seo anois i gcomparáid leis an am a chuaigh thart.  Is iontach an rud é a oiread sin imeachtaí eagraithe a fheiceáil ag tarlú agus cuimsíodh sna ceardlanna réimsí ar nós pleanála, sláinte agus sábháilteachta, cúrsaí árachais, cosaint, cumarsáid, saorálaithe agus áiseanna,” ar seisean.  

 

"Tá pleanáil shábháilte agus pleanáil chuí lárnach ar gach ócáid agus is é sin an teachtaireacht atá an mheitheal oibre ag iarraidh a chur in iúl. Tá sé i gceist leis an treoirleabhar seo go gcuideoidh sé leis an lucht eagraithe maidir le pleanáil phraiticiúil agus shábháilte a dhéanamh d’imeachtaí spóirt a tharlaíonn ar na bóithre poiblí agus in áiteanna poiblí, amuigh ar an uisce agus thuas sna cnoic san áireamh,” a dúirt sé.

 

"Táimid ag achainí ar gach eagraí imeachta sa cheantar áit a chur in áirithe ar cheann de na ceardlanna seo.  I ndeireadh na dála, ta na ceardlanna ann le go mbeidh imeachtaí níos sábháilte agus níos taitneamhaí do na rannpháirtithe, na heagraithe agus an pobal ina mbíonn siad á reáchtáil.  Is den tábhacht é go mbeidh eagraithe imeachtaí ag comhoibriú agus ag plé le gníomhaireachtaí reachtúla áitiúla ar nós an Gharda Síochána agus na seirbhísí éigeandála."

 

Beidh na ceardlanna ag tarlú in Ionad Aclaíochta Ghleann na Finne i Srath an Urláir Dé Céadaoin an 6ú Márta, ag Ionad an Chraoibhín ar an Tearmann Déardaoin an 7ú Márta, agus ag Club Óige Naomh Muire i mBun Cranncha Dé Céadaoin an 13ú Márta. Tosóidh na ceardlanna ar fad ar 7:15p.m.  Is trí eventbrite ag Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall a dhéantar na háirithintí.  

 

Ullmhaíodh leabhrán 24 leathanach na Meithle Oibre um Bainistíocht Imeachtaí Spóirt i nDún na nGall le hionchur agus le saineolas uathu seo a leanas: Myles Mac Suibhne, Comhordaitheoir Chomhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall; Brian Ó Dónaill, Meitheal Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall; John Mac Ruairí, Fergus Mac Ruairí agus Pól Mag Aoidh, An Garda Síochána; Sean Mac Roideáin, Ionad Oideachas agus Oiliúint Allamuigh Ghartáin; Brendan Mac Daibhéid, Bord Lúthchleasaíochta Dhún na nGall agus and Charles Ó Cinnéide, Sábháilteacht Uisce na hÉireann.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO